Fanaigí gnéasúil agus ná bígí dúnmharaithe

Greannmhar nó dáiríre? Tá na mílte leantóirí, a ghlaotar ‘Murderinos’ orthu, ag an bpodcraoloadh ‘My Favorite Murder’ a chaith láithreoirí Karen Kilgariff agus Georgia Hardstark i mbéal an phobail agus iad i mbun leabhar a fhoilsiú.

Fadó, bhí sé do-ghlactha a bheith ag caint faoi na rudaí seo go hoscailte, gan bacadh le suim a léiriú ann. Tuigeann Karen Kilgariff, 48, agus Georgia Hardstark, 38, go bhfuil suim ag go leor daoine i scéalta maidir le scéalta marthanais, scéalta fhuadacha agus scéalta dúnmharaithe. Níl siad á rá gur dúnmarfóir iad na daoine a bhfuil suim acu sa topaicí seo, ach deireann siad gurb uirlis í an suim chun eolas a bhailiú ionas gur fhéidir linn muid fhéin a chosaint in eachtra mharfach, nár lige Dia.

Thosaigh Karen agus Georgia lena bpodcraoladh ag tús 2016, a bhfuil figiúrí ceannródaíoch acu anois ar iTunes. Is bean ghrinn a dhéanann seónna aonair í Karen agus scríbhneoir teilifíse agus is scríbhneoir agus láithreoir teilifíse ar The Cooking Channel í Georgia Hardstark. Bíonn seónna beo acu ar fud an domhain le ‘Murderinos’ ag iarraidh a scéalta féin a roinnt leis na mná clúiteach seo agus píosa craic a bheith eatarthu.

Tá siad ag cruthú comhrá gnaíúil timpeall topaicí a bhfuil mícompórdach agus tá siad rathúil timpeall an domhain, cé go bhfuil an podcraolaodh seo conspóideach mar choincheap. Tá siad tar éis leabhar a scríobh agus beidh sé foilsithe i mhí Bealtaine 2019. Tá siad ag iarraidh gné nua a chuir lena gcuid scéalaíocht, ag roinnt scéalta pearsana agus ag insint conas gur thosaigh an suim atá acu sna coirscéalta fírinneacha.

Is urlabhraí meabhairshláinte iad beirt agus is léir go inseoidh siad na scéalta pearsanta atá acu sa phodcraoladh ach le níos mó sonraí. Faightear léargas ar pearsantachta Karen agus Georgia, ach is léir go mbeidh siad féin ar thús cadhnaíochta mar théama sa leabhar seo, seachas na scéalta dúnmharaithe a insíonn siad sa phodcraoloadh. Tá an leabhar darb ainm ‘Stay Sexy and Don’t Get Murdered’, ainmnithe i gcuimhne ar an mana atá acu, ar fáil le réamhoird faoi láthair.

Le Clíona Hughes

Image Credit : Aukland Live