Staonadh Digiteach

Ag tús an tsamhraidh seo chaite, tháinig nochtadh orm. Nuair a d’amharc mé ar Instagram, Snapchat, Facebook agus Twitter, tháinig drochghúimear orm agus ar dtús, níor thuig mé cén fáth.

An samhradh a bhí ann agus bhí easpa brú agus strus orm agus bhí go leor le bheith sceitimíneach faoi agam. Ní raibh tuiscint dá laghad agam maidir leis na mothúcháin a bhí agam ó thaobh m’aipeanna de.

Cuireann daoine na rudaí is fearr suas ar líne chun na híomhá is fearr dóibh a thaispeáint don domhain – smaoinigh ar an méid féiníní a ghlacann tú sula gcuireann tú ceann amháin ar do phróifíl, déanann gach duine é seo agus is dócha nach bhfuil na híomhánna áille a fheiceann tú ar Instagram díreach mar a fheiceann siad.

Mhothaigh mé nach raibh a ndóthain ar siúl agam ag tús an tsamhraidh agus mé ag scrollú ar Instagram agus a leithéad, cén fáth nach ndearna mé féin J1? Cén fáth nár smaoinigh mé obair dheonach a dhéanamh? Cén fáth nár thug siadsan cuireadh dom dul ansin? Rith na gceisteanna sin tríd mo chloigeann agus is ansin a thuig mé go raibh na haipeanna seo ag síothlú isteach i mo cheann.

Táim cinnte go dtarlaíonn sé seo duitse uaireanta chomh maith, fiú má cheapann tú nach dtarlaíonn. Cé go bhfuil an chumarsáid chomh lárnach inár saolta sa lá atá inniu ann, tá an coincheap atá againn ar an bhfocal ‘cumarsáid’ lochtach.

Táimid ag brath go hiomlán ar na haipeanna seo nuair atá leadrán orainn, nó nuair atá muid ag iarraidh eolais a fháil amach faoi chéard atá ar siúl ag duine éigin. Cén fáth nach gcuirimid ceisteanna ar daoine faoina shaolta seachas a bheith díreach ag scrollú trína gcuid pictiúir chun eolas a fháil amach fúthu?

Shochraigh mé staonadh digiteach a dhéanamh, díreach chun a fheiceáil an dtiocfaidh feabhas ar an meon a bhí agam le sos a ghlacadh ó na meáin sóisialta. Scrios mé Snapchat, Twitter, Instagram agus Facebook (seachas Facebook Messenger) ó m’fhón póca agus ag an tús, caithfidh mé a rá go raibh sé deacair. Uaireanta, clic mé ar an áit ina raibh aip éigin cheana gan smaoineamh sula d’aithin mé go raibh an aip scriosaithe agam, is ansin gur thuig mé go raibh andúil de chineál éigin agam maidir leis na haipeanna seo.

Tá sé ráite i staidéar foilsithe ag an tSochaí Ríoga do Shláinte Phoiblí gur adúil faoi leith é ró-úsáid a bhaint as aipeanna. Dúirt siad freisin go bhfuil baint ag na meáin sóisialta leis an dúlagar imní. D’aimsigh siad go raibh an tionchar is measa ag Instagram maidir leis an dúlagar imní ó thaobh corpíomha agus ‘FOMO’ (imní faoina bheith ag cailleadh amach ar rudaí) de.

Má tá cuma dheas ar phictiúir dhuine éigin ar Instagram, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil saol foirfe acu nó go bhfuil siad go hiomlán áthasach an t-am ar fad, agus caithfimid é sin a chuimhneamh níos minice. Cruthaítear íomhánna faoi leith ar Instagram chun ‘likes’ a fháil, agus ní bhíonn na híomhánna sin fíor an cuid is mó den am, go háirithe na híomhánna atá ag daoine cáiliúla, íocann comhlachtaí na mílte euro as ‘influencers’ pictiúrí foirfe a chruthú chun a gcuid táirgí a chuir chun cinn. Mar sin, cinnte, cruthaíonn siad íomhá a bhfuil ‘foirfe’ – tá siad ag iarraidh airgead a thuilleadh agus táirgí a dhíol, níl an focal ‘réalaíoch’ bainteach leis an gcóras sin.

Ar dtús, d’airigh mé ó na haipeanna agus mé ar an mbus nó ag fanacht ar rudaí, ach tar éis tamall, thug mé faoi deara go raibh rudaí eile le déanamh agus thosaigh mé ag baint sult as a bheith ag breathnú amach as an bhfuinneog nó ag éisteacht le phodcraoltaí. Tar éis seachtain amháin, thug mé faoi deara gur mhothaigh mé níos fuinniúla agus níos beomhaire le sos a ghlacadh ón dúpholl sin agus go raibh níos mó ama agam le caitheamh ar rudaí níos fearr agus bhí an-áthas orm an t-athrú seo a fheiceáil.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an coincheap seo níos éasca ráite ná deánta. Tar éis tamall ach go háirithe, bíonn sé deacair cloígh le staonadh digiteach, ach cabhraíonn sé nuair a smaoiníonn tú go ndéanann sé maitheas dá sláine nuair a ghlacann tú sos.

Ar ndóigh, d’íoslódáil mé na haipeanna arís tar éis mí go leith ach caithfidh mé a rá gur bhfiú an tsosa toisc nach n-úsáidim mo chúntaisí ar na meáin sóisialta pioc chomh minic is a d’úsáid mé iad cheana.

Nílim ag rá go gcaithfidh tú do chúntais a scriosadh go deo agus go bhfuil na haipeanna seo go hiomlán dainséarach dá shláinte, ach táim ag rá gur bhfiú é sos beag a ghlacadh uaireanta. Má mhothaíonn tú go bhfuil tú sáinnithe maidir leis na meáin sóisialta, ná déan dearmaid gur féidir leat éalú ó na haipeanna ar feadh tamall gan fadhb ar bith agus go han éasca chomh maith. Deir na mílte ‘influencers’ ar líne go bhfuil an galar imní acu, ach an bhfuil sé seo bainteach lena gcuid láithreacht ar líne? Cinnte, níl sé éasca nuair atá daoine ag stánadh ort lá i ndiaidh lae agus tá tuairim éigin ag gach duine fút. Cinnte téann an coincheap sin isteach i do chloigeann agus cúisíonn sé sin freagairt instinneach dhiúltach sa duine.

Caithfimid go léir iarracht a dhéanamh taitneamh níos fearr a bhaint as an saol réalaíoch. D’aimsigh staidéar amháin le Brian Primack go gcuireann an brú chun a bheidh comhaimseartha ar na meán shóisialta isteach ar daoine ag cruthú buairt agus dúlagar go háirithe mar gheall ar an bhfíric go bhfuil aire an duine roinnte idir thascanna laethúil agus a gcuid cúntais ar na meáin shóisialta. Mar sin, tá sé fíor-riachtanach aire a thabhairt dúinn féin agus a bheith eolach faoi na dainséirí atá thar timpeall orainn, fiú ar ár gcuid fóin pócaí.

Le Clíona Hughes

Image credit : Flikr.com