Tá do smideadh ag dul in éag i ngan fhios duit

De ghnáth, cuirimid ár gcuid smideadh sa bhruscar nuair atá sé tirim nó nuair atá sé críochnaithe.

An raibh a fhios agat go dtéann do chuid smideadh as feidhm níos luaithe ná a cheapann tú? An raibh a fhios agat go raibh do chuid smideadh in ann dul in éag, fiú? In amanna is taithí dhóite a mhúineann thú, tá sean smideadh díreach chomh dona is a bhfuil seanbhia – ní íosfadh duine ar bith bia a bhfuil imithe in éag ar feadh bliain nó dhó – smaoinigí ar an mbaictéir.

De ghnáth, téann pailéad scáthú súil as feidhm tar éis bliain, tar éis é sin, níl sé sábháilte é a chuir ar do chuid súile toisc go bhfuil baol ann go  bhfásfaidh sleamhnáin nó calaisín ort. Níl na heasláintí seo suáilceach in aon cur toisc go bhfuil mionobráidí na t-aon réiteach de na rudaí seo i gcásanna. Níl dáta faoi leith ar ár gcuid smideadh, agus is dócha go bhfuil sé seo an fáth nach bhfuil a fhios ag mórán faoin ‘riail’ seo.

Déanta na fírinne, tá rud ann chun do chuid sláinte a shábháil agus is é sin an tsiombail PAO. Is íomhá é ar chúl do chuid smideadh de thobán beag le huimhir in aice le ‘M’ scríofa air. Ciallaíonn an uimhir an tréimhse tar éis an táirge a oscailt go bhfuil tú in ann é a úsáid go sábhilte.

Mar sin, má tá ‘6M’ scríofa ar chúl do bhuidéal mascára, caithfear é a chuir sa bhruscar tar éis 6 mí. Uaireanta, áfach, níl an tsiombail PAO ar smideadh, agus tá sé deacair a bheith fhios agat cathain an táirge a chaitheamh amach.

An rún atá ann chuige seo a oibrigh amach ná na chomhábhair. Má tá uisce nó ola sa táirge, fásann baictéir go tapa agus de ghnáth, ní mhaireann siad níos mó ná 6 mhí. Tá baol ann ó thaobh cantal agus galrú craiceann.

Go bunúsach, ná bíodh ag coimeád taisce smideadh i do sheomra. Dea-scéal atá ann, i ndáiríre, beidh tú in ann roinnt airgead a shábháil toisc nach fiú é an iomarca a cheannach a thuilleadh.

Le Clíona Hughes

Image Credit : Orla Dwyer