“Tá an fear sin iontach ait, nach bhfuil?”
Tá sé déanta againn uilig, labhraíonn muid cúpla focal Gaeilge agus muid ar shiúl i dtír eile agus eachtrannaigh ar fad timpeall orainn. Nach iontach an rud é go bhfuil Éireannaigh chomh bródúil as a dteanga féin go dtugann siad leofa í thar saile? Nach deas an smaoineamh é go bhfuil ár gcroí istigh inár dteanga dúchais an oiread sin nach dtig linn bheith ar shiúl uaithi ar feadh i bhfad? Nó an é go labhraíonn muid í le nach dtuigfear muid, le go dtig linn bheith ag cúlchaint faoin bhean atá ag caitheamh cuaráin is stocaí?
Den chuid is mó, is amhlaidh atá fíor, cé nach maith linn é a admháil. Amanna tá an Ghaeilge ina háis dúinn, lucht a labhartha is lucht a tacaíochta, ach na laethanta seo is cosúil go bhfuil níos mó daoine ag baint leasa aisti ar mhaithe le teacht as an tsáinn ina bhfuil siad.
Le linn Sheachtain na Gaeilge chonacthas na mílte daoine ag baint úsáid as a gcuid Gaeilge, agus ar Lá na Gaeilge sa Dáil bhí teanga na nGael in úsáid fiú ag an rialtas féín. Deirim “fiú”, mar, aineoinn stádas na Gaeilge mar phríomhtheanga reachtaíochta na tíre seo, is beag gnó a dhéantar as Gaeilge sa Dáil sa lá atá inniu ann. Ach ar an lá seo áirithe, baineadh leas aisti mar áis, nuair a d’fhreagair an Taoiseach ceist de chuid Mick Wallace as Gaeilge, agus dhiúltaigh sé labhairt as Béarla leis. Is doiligh tuigbheáil cad chuige a mbeadh seo ina drochrud, ach is iomaí cáineadh a fuair an Taoiseach dá bharr, fiú ó chainteoirí Gaeilge.
De réir an Aire Eamon Ó Cuív níl “meas ar bith aige ar an Ghaeilge”. An raibh sé i gceart tús áite a thabhairt don Ghaeilge sa chás seo, díreach mar go raibh sé oiriúnach dó?
Ar na mallaibh bhí scéal i mbéal an phobail faoi Rómánach a cúisíodh le tiomáint ar meisce i gcathair Bhaile Átha Cliath. Scaoileadh ar bannaí é, ach ó cuireadh tús leis an chás cúirte sa Chúirt Dúiche, tá dlíodóir an chúisí ag déanamh nach seasann an ciontú mar gheall nach raibh na torthaí ón anáileadán i nGaeilge agus i mBéarla, mar is ceart de réir na reachtaíochta. Ó tháinig an cás seo chun tosaigh tá níos mó cásanna á gcur ar atráth de bharr an “lúb ar lár” seo. Suimiúil le feiceáil go dtig leis an Ghaeilge bheith ina háis do chiontóirí. Is maith go bhfuil sí úsáideach do rud éigin ar a laghad.
Leave a Reply