Aoine Mhór na Siopadóireachta – Conas a bheith “Retail Savvy”

Sarahjane Connolly

Uair amháin, bhí an béim ar fad do feachtais sna siopaí dírithe ar Lá an Dreoilín agus na seachtaine roimh an Nollaig i Mí na Nollag ach anois, leis an scaipeadh de nósanna Meiriceánaigh, táimid ag breathnú ar níos mó deiseanna airgead a shábháil ag an am seo den bhliain lenár gcuid siopadóireacht.

Tarlaíonn Aoine Mhór na Siopadóireachta uair amháin sa bhlian ar an aoine deireanach de mí na Samhna. Bíonn brandaí móra agus le déanaí, comhlachtaí beaga ag glacadh páirt anois ag cur praghasanna speisialta ar fáil ar an ócáid seo chun tú a mhealladh le do airgead a chaitheamh. Cé gur deis iontach é airgead a shábháil ar do bhronntanais Nollaig, is fiú a bheith ullmhaithe agus réidh leis na díol atá díreach chun stoc a bhogadh amach a aithint. 

Sula ndéanann tú pleananna amach don lá mór na siopadóireachta seo, déan machnamh ar céard atá agat cheana féin agus céard atá uait chun cinntiú nach bhfuil tú ag ceannach rudaí nach bhfuil ag teastáil uait ar an gcéad dul síos. Dhéanfainn liosta amach de na rudaí atá in easnamh i mo vardrús nó bosca sheodra srl agus bheinn airdeallach faoi seo agus mé ag siopadóireacht ar an ócáid é féin chun “panic buying” a sheachaint. Is fiú súil a choinneáil ar na siopaí éagsúla a bhíonn tú dílis leo i rith na bliana ag úsáid aip ar Chrome chun seic a dhéanamh nuair a tharlaíonn laghdú nó ardú praghasanna ionas nach fhaigheann tú droch díol ar Aoine Mhór na Siopadóireachta.

Déanann go leor de na siopaí lascaine i rith an tseachtain den ócáid agus is fiú síniú suas do clubanna agus liostaí ríomhphoist saor in aisce de na brandaí is fearr leat chun fáil amach an mbeifeá in ann dul isteach níos luaithe chun na scuaine a sheachaint! Freisin, déanann go leor de na siopaí fisiciúla uaireanta níos faide agus is fearr teacht isteach luath ar maidin chun cinntiú nach cailleann tú amach ar an rud atá ar barr do liosta a fháil! 

Níl gá an lá seo a bheith costasach nó strusmhar duit má tá tú eagraithe ach an rud is tábhachtaí ná gan rudaí a cheannach nach bhfuil ag teastáil uait mar is cur amú airgid é sin duit!