Focal off, foclóir Béarla-Gaeilge nua foilsithe ag Uachtarán na hÉireann

Is féidir tvuít (tweet) agus atvuít a dhéanamh as Gaeilge anois, tar éis don fhoclóir Béarla-Gaeilge nua a fhoilsiú. D’fhoilsigh Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tionscnamh nua go hoifigiúil ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir.

Tá an foclóir, foilsithe ag Foras na Gaeilge, saor in aisce agus ar fáil ar an suíomh idirlín www.focloir.ie. Cruthaíodh é i slí go mbeifear in ann leas a bhaint as ar ghléasanna soghluaiste agus ar ríomhaire deisce/glúine.

Beidh an foclóir foilsithe ar bhonn céimnithe ar feadh dhá bhliain agus ní bheidh an bunachar sonraí iomlán ar líne go dtí críoch 2014. Tá timpeall 7,500 téarma air agus is ionann na téarmaí sin a foilsíodh ar an suíomh agus 30% den inneachar iomlán a bheidh ar fáil ag deireadh an tionscnaimh.

Clúdóidh an méid a bhfuil ar fáil faoi láthair 80% d’úsáid ghinearálta an Bhéarla áfach.

“Leanann an foclóir seo an patrún atá ag foclóireacht idirnáisiúnta nua-aimseartha, nuair atá an t-inneachar go léir bunaithe ar úsáid na teanga”, arsa eagarthóir an tsuímh, Dr Pádraig Ó Mianáin.

“Dá bhrí sin, léiríonn na téarmaí Béarla an tslí ina úsáidtear an teanga Bhéarla in Éirinn. Araon le sin, tá an t-inneachar Gaeilge bunaithe ar Ghaeilge labhartha chomhaimseartha”.

Tá an foclóir léirithe le thart ar 40,000 sampla úsáideacha chun chomhthéacs a chruthú don úsáideoir agus tá comhaid fhuaime agus eolas gramadaí le feiceáil air freisin.

“Bhíomar ag iarraidh na mbealaí ina labhraítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta a chur in iúl.

“Tá taifid fhuaime d’fhoghraíocht na bhfocal sna trí mhórchanúintí ar an suíomh mar áis eile d’fhoghlaimeoirí na teanga”.

Ó 2000, bhí 70 duine ag tabhairt faoin tionscnamh leithleach seo. Is é an chéad cheann dá leithéid ó foilsíodh foclóir De Bhaldraithe, foilsithe in 1959.

Bhí buiséad níos mó na sé mhilliún euro ag an tionscnamh, a d’fhéadfadh a bheith mar an ceann is mó atá déanta ag Foras na Gaeilge riamh ina iarrachtaí chun infhaighteacht an Ghaeilge a roinnt agus an teanga a fhorbairt.

Dar le Seosamh Mac Donncha, cathaoirleach ar Choiste Foclóra Fhoras na Gaeilge, gur mór an eachtra é seo maidir le cúrsaí Gaeilge.

“Is áis ríthábhachtach é an áis seo, ní amháin do lucht labhartha na Gaeilge, ach d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain. Cuireann an suíomh ár n-ionannas cultúrtha agus teangeolaíoch chun solais”.

Mhol an tAire Stáit ar an nGaeltacht, Dinny McGinley, an obair “uaillmhianach” atá déanta ag an gcoiste.

“Tá gné thábhachtach den straitéis 20 bliain á cur i bhfeidhm leis an tionscnamh seo agus cuirfidh sé le stádas na Gaeilge mar theanga bheo chomhaimseartha dá bharr”.

Beidh leaganacha méadaithe agus feabhsaithe den fhoclóir curtha ar fáil ar líne go rialta le linn na mblianta 2013 agus 2014 freisin. Tosófar ag obair ar leagan clóite den bhunachar sonraí iomlán in 2015 nuair atá gach cuid den fhoclóir foilsithe ar líne.

Is suimiúil an cinneadh a rinneadh ar an téarma ar ‘tweet’ agus leanfaidh an díospóireacht ar an téarma is cuí gan amhras. Aontaíonn www.focal.ie leis an suíomh agus ‘tvuít’, ach beidh ‘giolc’, ‘tuít’ agus a leithéid fós le feiceáil is dócha.

Derek O’Brien

Gluais:

Dánlann- gallery

Gléasanna soghluaiste- mobile devices

Ríthábhachtach- crucial

Ionannas- identity

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.