Frithfhreagairtí Nua Ar Facebook

Pictiúr próifíle nua, stádas greannmhar, seiceáil isteach ar leith – seo iad na gnáth rudaí a bhfuil ar gach fotha nuachta. Tar eís tobsmaoineamh ó na ardéirímí ag Facebook, beidh muid anois in ann dul i dteagmháil leis na nuashonraithe seo i gcaoi thar a bheith nua.

Ó 2009, thug Mark Zuckerberg, bunaitheoir an suíomh an cnaipe ‘Like’ isteach. I mí Mheán Fómhair an bhliain seo, d’fhógair Zuckerberg go mbeidh sé ag dul níos faide fós maidir le frithfhreagairt ar líne. Dúirt sé i seisiún ceist agus freagra go raibh a fhios aige go raibh éileamh ann chun cnaipe ‘Dislike’ a chur ar fáil, ag rá – ‘Not every moment is a good moment.’

Cuireadh na ‘frithfhreagairtí’ ar fáil ar Facebook in Éirinn agus sa Spáinn an mhí seo. Anois is feidir ‘Love’, ‘Haha’, ‘Yay’, ‘Wow’, ‘Sad’ agus ‘Angry’ a chur ag bun aon phost nua. Dúirt Zuckerberg ar a chuntas Facebook féin – ‘Reactions gives you new ways to express love, awe, humor and sadness. It’s not a dislike button, but it does give you the power to easily express sorrow and empathy — in addition to delight and warmth. You’ll be able to express these reactions by long pressing or hovering over the Like button.’

Thóg sé níos mó ná dhá bhliain tar eís teacht an cnaipe ‘Like’ go dtí go raibh Gaeilgeoirí abálta á gcuid líonrú sóisialta a dhéanamh tríd a dteanga féin. Rinneadh aistriúchán ar deireadh i 2011.

Dóibh siúd a bhfuil ag úsáid an suíomh as Gaeilge, níl na frithfhreagairtí seo le fáil sa teanga fós – cé go raibh úsáideoirí na Spáinne in ann teacht ar aistriúchán Spáinneach ón tús. Is léir go mbeidh Gaeilgeoirí arís ag fanacht ar Facebook freastal ar a gcuid teanga – agus beidh ‘Is maith liom é seo’ fós in úsáíd acu le haghaidh tamaill.

Aoife Ní Mhistéil

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.