Geansaí Nollag, béile ollmhór nó na bronntanais- céard is fearr leatsa faoin Nollaig?

Mar a dúirt Andy Williams –“Is é an t-am is áille den bhliain”. Tá an Nollaig buailte linn arís agus tagann sé níos tapúla gach bliain. Ceapaim féin gur thosaigh an t-ullmhúchán róluath i mbliana – bhí na rudaí bainteach leis an Nollaig ar díol sna siopaí ríomh dheireadh Oíche Shamhna. Bhí an iomarca ceiliúrtha ag siúl ag an am céanna.

Ní chóir fiú a bheith ag caint faoin Nollaig roimh chéad lá na míosa – ag éisteacht le ceol Nollag, ag ceannach bronntanais, rudaí mar sin. Anois, ar an séú lá de mhí na Nollag, tá sé in am do Dhaidí na Nollag/ La Breithe Íosa Chríost/ Dinnéar na Nollag – na rudaí is fearr faoin séasúr seo i ndáiríre.

Tá do chuid éadaí ríthábhachtach agus tá a lán éadaí Nollaig ar fáil sna siopaí mar shampla… geansaí na Nollag. Is buaicphointe den mhí iad na geansaí seo agus bíonn siad ar fáil ar fud na háite, i roinnt dathanna difriúla, freisin. Ar mhaith leat Daidí na Nollaig ar do gheansaí no arbh fhearr leat Fear Sneachta? Rudolph? Ta an rogha agaibh. Ach mura maith leat geansaí a cheannach ar fáth éigin, ta éadaí Nollag eile le fáil freisin – stocaí, t-léine agus hataí. Ta sé an-fhuar taoibh amuigh agus mar sin is aimsir oiriúnach í chun hataí agus scaifeanna Nollag a chaitheamh. Tá cead agaibh na héadaí seo a chaitheamh (go hoifigiúil) go dtí 8 Eanáir. Glacaigí páirt!

Nuair ata éadaí ceart á gcaitheamh agat, tá sé in am éisteachta le ceol na Nollag. Amhrán traidisiúnta cosúil le ‘Jingle Bells’, ‘Santa Got Run Over By A Reindeer’, ‘Frosty the Snowman’, nó amhrán nua-aimseartha; ‘All I Want For Christmas’, mar shampla. Tá albaim nó amhráin Nollag taifeadta ag a lán ceoltóirí thíos tríd na blianta – Destiny’s Child, Nsync, Justin Bieber agus is breá le gach duine ‘Stay Another Day’ le East 17 – na buachaillí áille sin, ag caitheamh a gcótaí móra bána, ag seaseamh i lár na ‘sneachta’. Tiúin.

Ansin, tá bia na Nollag ann – an rud is fearr faoi am Nollag (seachas breithlá Íosa Chríost ar ndóigh). Rud iontach blasta atá i ndinnéar na Nollag. An turcaí, an liamhás, na prátaí, subh, na glasraí. D’fhéadfaí liosta le háireamh a scríobh. Agus na rudaí milse – cáca Nollag, Toblerone agus bosca Roses. Cuimhnigh freisin go mbíonn Daidí Na Nollag Seacláide ar sheilfeanna na siopaí go léir.

Sin leor ar feadh tamaill bhig. Nil aon rud le déanamh anois ach glacadh leis an gcomhairle seo agus am den scoth a bhaint amach. Nollaig shona daoibh go léir!

Claire O’Connell

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.