Tráth an fheithimh

Tá mí na Nollag buailte linn agus leis, Aidbhint. Is léir céard atá i gceist ar an dromchla le ‘Adventus’ nó ‘teacht’ sa Ghaeilge. Is séasúr é a cheiliúrann cuid sainaicmí Críostaithe ar fud na cruinne agus iad ag fanacht le teacht an leanbh Íosa Lá Nollag.
Gabhann ceithre seachtain, nó mar sin, na hAidbhinte le ceithre choinneal. Lastar iad de réir agus a théann muid níos congárach don Nollaig. Dhá choinneal chorcra, ceann bándearg, ceann corcra arís agus ansin coinneal bhán. Siombalachas ollmhór a bhaineann leis.
Ní amháin do Chríostaithe gur chóir an séasúr a bheith sílimse. Níl aon srianta air nach dtiocfadh le héinne an cinneadh a dhéanamh na ceithre seachtain a ghlacadh mar deis mhaith ullmhú don Nollaig ar bhealach a bheirfidh brí, tábhacht agus doimhneacht do am na Nollag.
Ar an chéad seachtain d’Aidbhint, lastar coinneal chorcra. Is é dóchas téama na céad seachtaine. In aineoinn do chreidimh phearsantach, cinnte gur téama domhanda é dóchas gur féidir linn ar fad machnamh a dhéanamh air ag an am seo den bhliain.
Dóchas dúinn féin, dár dteaghlaigh, cairde, an domhain ar aon. Níl a dhath le rá nach féidir le achan duine dóchas a chruthú agus dóchas a chuardú. Céard faoin dóchas a chruthú sa phobal trí gníomhartha carthanachta?
Cinnte go chruthaíonn an focal ‘carthanas’ roinnt imní i measc daoine áirithe ach cinnte go dtiocfadh leis a bheith fíorshimplí. Chruthódh rud chomh fusa le do chuid pingin rua a bhailiú agus ag deireadh na míosa iad a thabhairt do a leithéid de Thrócaire dóchas áit éigin ar an domhain mhór seo.
Teachtaireacht a sheoladh, glaoch a chur ar chara nó duine muintire atá imithe ar imirce. Ní chreidfeá an oiread áthais agus dóchais a chruthódh a leithéid gníomhaithe.
Seachtain an ullmhaithe é an dara seachtain de hAidbhint agus seachtain é an liosta fada sin atá do chéasadh a reitigh! Níl faic níos fearr ná a bheith ullmhaithe agus ar do shuaimhneas faoi ócáid chomh mór sin agus an Nollaig. Nach ortsa a mbeas an meangadh mór sin Oíche Nollag agus achan duine eile ag rith thart mar a n-amadáin!
Ar ndóigh, ní amháin i dtaobh na mbronntanas gur chóir dúinn seachtain a dó leis an choinneal chorcra sin a ghlacadh chun ullmhú. Ba chóir béim a chur ar phleanáil an cheiliúradh. Ar phleanáil am a chaitheamh le teaghlach agus le cairde. ‘It’s the most wonderful time of the year’, caite le daoine eile. Am é an Nollaig fáil i dteagmháil lenár muintir, iad a fheiceáil agus lúcháir an tséasúir a cheiliúradh i gcuideachta daoine eile.
Ag pléigh lúchair, sé sin téama an tríú seachtain nuair a lastar an choinneal bhándearg. Lúchair agus muid i dtráth an fheithimh, lúchair agus muid ag súil leis an ceann scribe. Sé sin an Nollaig.
Chuirfeadh atmaisféar na hama lúchair ar mhór chuid daoine. Cinnte go ndeirfeadh an soinicí gur tráchtálaíocht amach is amach é. Ar bhealach, tá an ceart iomlán acu. Tá an séasúr imithe as smacht faoin am seo ach tá gnéithe de fhíor-lúchair an tséasúir le brath go fóill ceapaim.
Níl le déanamh arís ach rudaí simplí. Seol físeán greanmahr chuig cara leat. Scríobh alt beag in áit líne nó dó amháin ar do chuid cartaí Nollag. Déan duine a mholadh. Cé gur cliché ollmhór é níl le déanamh agat ach duine eile a shásamh chun tú féin a shásamh!
Grá atá mar théama an ceathrú seachtain agus an coinneal dheireannach chorcra á lasadh. Ar ndóigh is am lán ghrá atá an Nollaig in ainm is a bheith. Léiriú rí-shoiléir grá atá in achan comhartha dea-thola uainne. Sin gur chóir a bheith chun tosaigh in ár naigne um Nollag.
Grá dúinn fein atá i gceist leis chomh maith. Seans é seachtainí na hAidbhinte a chaitheamh ag déanamh athmheasúnú orainne féin agus ar an bhliain deireanach atá caite againn ar an chruinne seo.
Bíonn chuile rud ag bogadh chomh tapaigh sin na laethannta seo gur chóir an deis a ghlacadh frithchaitheamh a dhéanamh orainn féin agus ar an cur amach atá againn ar an saol.
Más féidir linn a bheith chomh cáilmheasach, chomh suáilceach agus chomh cairdiúil i gcaitheamh na Nollag caidé faoin chuid eile den bhliain?
Níl a dhath le rá nach dtig linn ar fad – is cuma mura Chríostaithe muid – na tréithe Aidbhinte seo de dhóchas, ullmhú, lúchair agus grá a ghlacadh mar dhúshláin fad saol.
Tá an Aidbhint ann. Ba chóir dúinn úsáid a bhaint aisti.
Ná rith leat chuig an Nollaig. Seas siar ar feadh na seachtainí seo agus dean machnamh. Machnamh ort féin, orthu siúd thart ort agus ar an chleachtadh saoil atá agat. Glac inspioráid as na coinnle, as na tréithe agus na téamaí atá á léiriú acu dúinn.
Le lasadh an choinneal bhán Lá Nollag, bí buíoch as gach rud atá dearfach i do shaol, déan smaoineamh domhain ar na rudaí go bhféadfá biseadh a dhéanamh orthu agus bí ag súil leis an bhliain amach romhain. Bliain a mbéas feabhsaithe gan dabht trí seilbh a ghlacadh ar dheis na hAidbhinte.

Caoimhe Ní Chathail

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.