Nollaig uaigneach ag roinnt teaghlach i mbliana de dheasca na heisimirce

Nollaig uaigneach a bheas ann do go leor teaghlaigh Éireannacha i mbliana. Ní bás nó ganntanas airgid a bheas i gceist do go leor ach uaigneas agus easpa comhluadar mar gheall ar an imirce ar fud na tíre i rith na bliana.

Is cinnte go bhfuil aithne ag beagnach gach duine sa tír ar dhuine éigean a d’imigh ar imirce i mbliana agus nach bhfuil ábalta filleadh abhaile do shéasúr na Nollag. Is séasúr sona é de ghnáth ach tá na céadta teaghlaigh ar fud na tíre nach bhfuil ag súil go mór leis an Nollaig de bhrí go mbeidh siad ag smaoineamh ar na ndaoine nach féidir a bheith i gcuideachta leo.

Is i bhfad ó smaoineamh na ndaoine a bhí an staid seo sna nóchaidí. Bhí na bréagáin ag éirí níos costasaí, na soilse Nollag ag éirí níos gile agus ní raibh iomrá ar bith ar an am a bhí amach romhainn.

An t-aon phíosa dóchais atá ag na teaghlaigh seo a bhfuil daoine acu san Astráil, i gCeanada, i Meiriceá agus áiteanna éagsúla ar fud an domhain ná comórtas atá á reáchtáil ag RTE 2Fm faoi láthar. Beidh 2FM ag tógáil 20 duine abhaile roimh an Nollaig sa dóigh gur féidir leo tamall gairid a chaitheamh lena dteaghlaigh.

Bíonn an t-uaigneas bainteach leis an imirce agus easpa chaidrimh le gaoil éagsúla  ag cur bróin ar thuismitheoirí gach uile lá den bhliain, tá rudaí beaga bunúsacha a chuireann isteach orthu, bíonn uaigneas orthu ag féachaint ar chluiche peile áit ar chóir don mhac nó iníon atá acu a bheith ag imirt ar an bhfoireann, uaigneas orthu nuair a thagann litreacha sa phost nó fiú amháin nuair a fheiceann siad cairde a gcuid páistí sa teach tábhairne ag an deireadh seachtaine.

I ndáiríre, cad atá ar fáil sa tír seo do dhaoine óga cliste cáilithe agus lán d’fhuinneamh agus dóchas? Níl maitheas ar bith a bheith ag gearán ar an rialtas faoi na fadhbanna imirce seo níos mó. Ní amháin go bhfuil an mhór-imirce seo i measc an aois óig ag cur isteach ar theaghlaigh ach tá sé ag cur isteach ar chúrsaí gnó ar fud na tíre chomh maith go háirithe i gceantair thuaithe. Is dócha go mbeidh iontas ar na himircí nuair a fhillfidh siad ar an mbaile, má bhíonn siad ádhúil go leor an seans seo a fháil. Tabharfaidh siad faoi deara nach bhfuil an siopa áitiúil ar chaith siad a gcuid airgid phóca mar pháistí ansin, ní bheidh an teach tábhairne inar ól siad a gcéad phiontaí ann agus tá seans maith nach mbeidh an club óige áitiúil ag feidhmiú níos mó mar nach bhfuil daoine óga bríomhara ann sa cheantar le é a reáchtáil.

Níl maitheas ar bith a bheith ag caoineadh sa dorchadas gan coinneal a lasadh mar sin caithfidh múid dóchas a bheith againn. Dóchasach go bhfillfidh lucht na himirce ar ais, go mbeidh a gcuid airgid agus taithí faighte acu le poist a chur ar fáil sa bhaile le cuidiú a thabhairt don chéad ghlúin eile. Casfaidh go leor de na daoine óga seo ar a ngrá geal thar lear agus tá an imní ann nach bhfillfidh siad abhaile choíche. Ach beidh faoiseamh ann dá dtuismitheoirí go bhfuil a gcuid páistí beo sona sásta lena bpáirtí. An Nollaig seo guímid go bhfuil siad uilig sona, sásta agus sábháilte cibé áit ar fud an domhain a bhfuil cónaí orthu agus go mbeidh a muintir atá sa bhaile dóchasach go bhfillfidh siad ar na sean óide.

Maria Ní Mhaolagáin

IMAGE CREDIT: mlamprou

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.