Scrúdú na Nollaig agus cónas a déileáil leo

Niamh Ní Fhionnghalaigh

Tá deireadh an bhliain acadúil tághta tar éis deich seachtaine, ní amhain seo ach tá deireadh an bhliain tágtha le mí amhain fághtha ann! Caithfidh sé bheith ráite, bí sí thart comh-luaith is a thosaigh sí. Ach, cé go bhfuil sé an sheachtain deireanach, níl an deireadh tágtha fós.

Is minic a bhfuil sé seo an t-am is gnóthaí don mhac léinn mar ní amháin a bhfuil an Nollag ag teacht suas, ach don chéad uair ríomh beidh scrúduithe na Nollag le dhéanamh roimh an Nollag in ionad iad a bheith i mí Eanáir.

Ciallaíonn sé seo go mbeidh am againn ár scíth a ligint i rith an Nollag ar fad, gan aon tascanna a dhéanamh agus ní caithfear a bheith ag staidéar. An t-aon locht le sin ná go bhfuil brú orainn ár gcuid siopadóireachta Nollag, staidéar agus tascanna do na modúil eagsúla a dhéanamh ar fad ag an am céanna.

Afách, ná bígí buartha, seo cúpla leid ar chonas a choinnigh suas leis na tascanna agus scrudaithe, fád is atá do chuid shiopadóireachta á dhéanamh don Nollag.

I dtús baire, molaim daoibh na dátaí tábhachtach ar fad a scríobh síos i bhúr bhféilre. Cé go ceaptar nach ndéanann sé mórán, cabhraíonn sé go mór leat tús a chur leo. Ní amháin seo, ach cabhraíonn sé leat tuiscint caitheann atá gach rud le bheith curtha isteach le haghaidh agus cabhraíonn sé go mór le strus a mhaolú.

Bígí cinnte chun cur síos na tascanna a léamh go cúramach agus comh luaith is atá siad ar fháil. Mar sin, ní amhain a thuigféa go díreach céard atá i gcéist leo, ach tabharfaidh sé seans duit phlean a chur le chéile don tasc. Is minic a thuigtear cé mhéid ama a ba cheart a cur isteach sa phíosa ionas nach fágtar é ródhéanach.

Nuair a fhaightear an seans, téigí chun obair orthu go láithreach. Tuigim go b’fhearr linn ar fad sos a ghlacadh nuair atá an t-am faighte againn, ach sa chás seo, molaim daoibh a mhalairt a dhéanamh. Smaoineamh air mar seo; níl ach cúpla seachtain d’obair díograiseach le dhéanamh agat agus ansin beidh briseadh tabhithe agat.

Ach, le sin ráite, bígí cinnte ghnáthchúsa an lae a choimeád. Stopaigí an obair ag am airithe san oíche chun do scíth a glacadh, agus is i rith an t-am seo is féidir leat do chuid siopadóireachta ar líne a dhéanamh.

Ná déanaigí dearmad, tús maith leath na hoibre. Mar sin go n-éirí libh, Nollaig Shona daoibh, agus feicfidh muid sibh an bhliain seo chugainn!