Fáilte go dtí an bhliain acadúil 2021/2022

Niamh Finlay

Fáilte ar ais, nó más é do chéad uair ar champas, fáilte go hOllscoil Cháthair Bhaile Átha Cliath! Ba chóir dúinn a bheith an-bhródúil asainn féin tar éis an bhliain acadúil a dhéanamh anuraidh le linn na paindéime.

Le tús bliain acadúil nua linn anois, is dóigh nach mbeidh an bhliain seo díreach mar na mblianta thart. Fad is atá Covid-19 fós thart timpeall orainn, caithfear a bheith aireach ar a chéile agus ár gcuid sláinteachas féin. Go háirithe ár meabhairshláinte.

Cé go bhfuileamar ag iarraidh anuraidh a chur taobh thiar dúinn, cuimhnígí nach raibh aon taithí amháin ar an bpaindéim mar an gcéanna. Mar sin, níl an meon céanna ag gach éinne agus muid ag freastail ar ais ar an gcoláiste.

Cé go bhfuil na teorannaí á mhaolú, tá sé tábhachtach nach gcuirtear brú ar éinne. Bígí tuiscineach agus tabhair spás do gach scoláire go dtí go bhfuil a fhios agat cé chomh compordach is atá siad le Covid-19. Tá seans maith ann go bhfuil siad breá compordach leis na rialacha, ach caithfear tuiscint nach mbeidh gach uile duine.

Caithfear a bheith feasach ar fhírinne na paindéime. D’athraigh sí an saol mar a bhí sí ar eolais againn. Mhúscáil sí as ár n-aislingeacht muid, agus rinneadh athruithe buan d’ár saol. Roinnt dóibh athruithe dearfacha, roinnt dóibh athruithe dúilteacha.

D’athraigh ár saol agus na daoine timpeall orainnn, ár gcuid sláinteachas, agus ár meabhairshláinteachas ach go háirithe. Ní amháin sin, ach tá dearcadh difriúil againn ar fhórmhór de na rudaí inár saol, mar thoradh de, d’athraíomar mar dhaoine.

Má tá imní fós ort faoi Covid-19 mar gheall ar chúiseannaí pearsanta, tá sé sin ceart go leor. Glac do chuid ama agus ná cur brú ort féin. Cur é in iúl le do chuid comh-scoláirí agus le do chairde. Beifear tuiscineach agus cabhróidh siad leat.

Leis sin ráite, má tá tú réchúiseach faoi, molaim duit a bheith chomh páirteach is gur féidir a bheith sa choláiste i mbliana. Bígí mar bhaill sna cumainn agus sna hócáidí a bhfuil bainteach leo.

Don bhliain seo cur an obair isteach i do chúrsa ar ndóigh, ach ná déan dearmaid chun taithneamh a bhaint as. Tar éis bliain acadúil iomlán a dhéanamh ar-líne, chailleamar amach ar shaol an scoláire  agus caithfear an t-am a cuireadh amú a thabhairt isteach. Níl ach saol amháin againn, bain taithneamh aistí!

Niamh Finlay

Image credit: DCU