Rath do Kneecap

Le déanaí, sheinn grúpa darbh ainm KNEECAP ag DCU Fest, an chéad ghrúpa riamh ar stáitse sa Venue úrnua.

Ach, is cinnte gur coincheap nua é grúpa rap trí mheán an Ghaeilge. Cé hiad an grúpa seo agus cad atá ar bun acu sa réabhlóid i saol na Gaeilge faoi láthair? Is iad Móglaí Bap agus Mo Chara an bheirt a bhíonn mar scéalaithe sna hamhráin aoracha atá acu. Is é DJ Próvaí a fheiceann tú ag cúl an stáitse agus a chuireann an ceol le chéile réidh do liricí na beirte. Eisíodh ‘C.E.A.R.T.A.’, an chéad singil a bhí ag KNEECAP, i Mí na Nollag seo caite. Agus an t-alt seo á scríobh, tá os cionn 120,000 duine tar éis breathnú ar an bhfís atá ag gabháil leis ar YouTube, éacht mór cinnte.

Is as iarthar Bhéil Feirste do KNEECAP a d’fhás aníos le hiarmhairtí na trioblóidí le feiceáil ina mbaile dúchais agus iad timpeallaithe leis an aighneas atá fós suntasach sa lá atá inniu ann. Déanann siad cur síos ar an saol atá acu thuas ansin ar bhealach atá taitneamhach, aorach agus cinnte greannmhar. Chomh greannmhar sin gur ndearna cinsireacht orthu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta de bharr ‘teanga gáirsiúil agus tagairtí do dhrugaí’. Is cinnte gur spreag seo an t-amhrán ‘Incognito’ ina molann siad don éisteoir: “ná f***in éist le RTÉ”. Is as an mixtape ‘3CAG’, a eisíodh ag deireadh Mí an Mheithimh i mbliana, do ‘Incognito’. Is fada an lá ónar feiceadh grúpa nua ag teacht chun cinn trí Ghaeilge le tionchar chomh mór seo. Is féidir rá go cinnte go mbeidh duine óg ar bith i saol na Gaeilge ábalta na liricí do churfá ‘C.E.A.R.T.A.’ a rá leat ar éileamh da n-iarrfá orthu, agus seans maith go mbeadh roinnt de ‘Incognito’, ‘Amach Anocht’ agus ‘Tá na Baggies ar an Talamh’ acu anuas ar sin.

Ónar eisíodh ‘3CAG’, tá an grúpa tar éis an-chuid ceolchoirmeacha a dhéanamh, DCU Fest ina measc, agus le déanaí bhí siad ag seinm ag Oireachtas na Samhna, an fhéile is mó i saol na Gaeilge. An rud is mó nach gceapfá go bhfeicfeá riamh ag Oireachtas na Samhna ná grúpa rap ó Iarthar Bhéal Feirste le hamhráin lán le tagairtí do dhrugaí agus cúpla magadh anseo agus ansiúd faoi na trioblóidí. Ach cé a shiúil ar an stáitse sa bhálsheomra oíche Dé hAoine ach Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí le lucht leanúna dílseach ag screadadh, dá gceiliúradh agus fiú ag dreapadh ar stáitse ag an deireadh le haghaidh ‘C.E.A.R.T.A’.

Fógraíodh an camchuairt ‘Gael-Gigolos on Tour’ díreach roimh an Oireachtas agus tá an-éileamh ar thicéid go dtí seo, le dáta Baile Átha Cliath díolta amach chomh sciobtha sin gur cuireadh dáta sa bhreis leis nach mór láithreach ina dhiaidh. Is léir go bhfuil KNEECAP ag dul ó neart go neart i bpobal na Gaeilge agus níos faide i gcéin. Coinnigh súil amach an samhradh seo chugainn ag féilte ceoil do bhlas na Gaeilge a chloisteáil trí mheán an rap. Seans maith go bhfuil cúpla focal sa bhreis le foghlaim agat as!

Tá ticéid ar fáil faoi láthair don gcamchuairt ‘Gael-Gigolos on Tour’ ar eventbrite.

Le Ruairí Mac Aodhagáin

Image Credit : Youtube