Go stairiúil, bhí caighdeán iontach Gaeilge ar Champas Coláiste Naomh Pádraig. Bíonn an áit lán de chainteoirí líofa agus foghlaimeoirí teanga.
Tá na múinteoirí bunscoile agus na múinteoirí Gaeilge den todhchaí ar fad ina gcónaí i nDroim Conrach. Tá cuid mhaith de na daoine seo ag teacht ó na háiteanna Gaeltachta. Ach, anois níl aon teach Gaeilge ar Champas. Go hiondúil- is áis iontach é an scéim cónaithe do na mic léinn atá ag staidéar an Ghaeilge i gColáiste. Tugann sé deis dóibh bualadh le cairde nua- cairde leis an spéis chéanna. Tugann sé deis dóibh an Ghaeilge a cleachtadh agus a fhorbairt in atmaisféar compordach. Anois níl aon teach Gaeilge ar Champas Naomh Pádraig nó ar Champas na Naomh Uile fiú ar Ghlas Naíon níl scéim cónaithe i bhfeidhm.
Tá Ciara Nic Aonghasa ag déanamh Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Ghlac sí páirt sa scéim cónaithe agus bhí feabhas le feiceáil ar a Gaeilge labhartha. “Tá sé deas a bheith i mo chónaí le daoine a léiríonn an spéis chéanna atá liomsa, go háirithe nuair atá tú ag déanamh obair bhaile deacair.”
Mhínigh Craig McHugh, DCU SU Leas Uachtarán Oideachas agus Sochrúcháin go bhfuil sé ar intinn ag an SU an fhadhb a réiteach. Tá Oifigeach na Gaeilge ar saoire mháithreachas agus cruthaíonn sé sin na fadhbanna.
“For it to be a fair process, it needs to be lead by the university Irish Officer. DCUSU and campus res want to see Irish speaking housing grow and develop in the way it deserves in the coming years, but unfortunately due to the maternity leave situation its been postponed. There is a serious intention to begin work immediately after the return of Siobhan the Irish Officer.”
Fadhb eile atá ar Champas Naomh Padráig i mbliana is’ea an méid Béarla atá ar siúl sa Seomra Chaidrimh go háirithe ag am lóin. Is áis iontach é an Seomra íontach chun Gaeilge amháin a labhairt go háirithe nuair atá mic léinn ag ullmhú don Bhéaltriail.
Ceapann Sorcha Ní Chonghaile, Oifigeach na Gaeilge ag DCU SU go bhfuil sé tábhachtach an caighdeán a choinneáil ard.
“Is coincheap iontach í an Seomra Caidrimh agus ar domhain idéalach, bheadh sé mar thearmann do Ghaeilgeoirí agus Foghlaimeoirí chun éalú ón mBéarla. Ach tá saghas drochmheas ag roinnt daoine nuair a thagann siad isteach ag spalptha Béarla agus atá siad i mbun an micro-oighean a úsáid gan smaoineamh faoin sprioc an tSeomra Caidrimh. Bíonn caighdeán maith ann chomh fada agus go bhfuil duine amháin ann chun brú a chur air nó sampla a dhéanamh nuair a thosaíonn siad féin ag labhairt as Gaeilge ach níl sé cothrom ar na daoine sin. Is seomra Gaeilge atá i gceist, i ndáiríre, agus caithfidh muid a bheith níos curamaí chun cinntiú go bhfuil an chaighdeáin ag coinneáil sách ard don sprioc an tseomra a bhaint amach.”
Le Róisín Ní Chuillinn
Image Credit : Alison Clair