Tá an Ghaeilge á fhoghlaim ar fud an domhain

Tá na hÉireannaigh i ngach cúinne den domhain i 2018. Is é eisimirce cuid ár gcultúr, ár gceol, ár dteanga.

Chuir eisimirce deiseanna ar fáil don ghlúin an bháid bháin go hairíthe i rith an DrochShaol. Mar is eol do chách, tá clubanna CLG san Astráil, i Meiriceá, fiú sa tSeapáin. Ach, níor chloiseamar faoi na ranganna Gaeilge atá ar siúl chuile lá sna tíortha seo- áis iontach don diaspóra na nGael. Tá pobal breá láidir Gaelach ar fud an domhan. Tá sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a chur chun cinn i Ré an Nua Teicneolaíocht nuair a bhí sé sna blianta An Gorta Mór.

An bhfuil sé níos éasca teanga a fhoghlaim gan bhrú na hArdteiste, gan caint faoi rudaí Gramadach, gan an eagla ag baint leis An Mhodh Coinníollach ? An bhfuil níos mó áiseanna ar fáil i Meiriceá, ar líne agus ar do ghuthán póca nó sna scoileanna san Iarthar na hÉireann? Cad a spreagann daoine an Ghaeilge a fhoghlaim gan tionchar a gclann, gan tionchar An Córas Oideachais?

Tá suíomhanna ar líne d’fhoghlaimeoirí teanga i Meiriceá mar shampla : “ Daltaí na Gaeilge.”  Tá ranganna ar siúl i mbeagnach gach stát agus tá sé fíor éasca teaghmáil a dhéanamh le múinteoir i do cheantar. Ba í Ethel Brogan an bunaitheoir- bean ón Chathair Ard Mhacha.. An aidhm a bhí ag Brogan agus atá ag “Daltaí na Ghaeilge” sa lá atá inniu ann ná “ Chun an Ghaeilge a mhúineadh agus í a chuir chun cinn.”

Tá Tomás Ó Cathail ag múineadh an Ghaeilge i nDeisceart Nua- Deirsí. Dar leis tá pobal breá i Meiriceá go háirithe i Nua Eabhrac agus i mBostún. “Ar scor ar bith tá pobal measartha   láidir d’fhoghlaimeoirí anseo in SAM ach go bhfuil siad scaipthe fud fad na tíre” Thosaigh sé ag múineadh an Ghaeilge ina bhaile i 1980 ach thóg sé sos beag. “Tá mise ag teagasc na Gaedhilge ó bhí 1980 ann, ach sos 8 nó 9 mbliana nuair a bhí mo pháiste óg.”

Cuireann sé na teicnicí a bhí foghlama aige i mBéal Feirste i bhfeidhm. “Leanaim don chóras a d’fhoghlaim mé i mBéal Feirste sa Chumann Chluaim Ard.” Tá a lán béime ar Ghaeilge labhartha in ionad rudaí Gramadach ina ranganna. Ach, tosaíonn sé briathra agus rudaí mar sin a phlé nuair a thagann siad amach. “Rang atá dírighthe ar chomhrá. (Ní bhíonn rang gramadaí ann ach go fíor annamh le rudaí a mhíniú.)”

Spreagann ár gcultúr agus ár gceol daoine an teanga a fhoghlaim, rud a bhí a rá ag Joe Cullinane freisin (an tOllamh in DCU atá ag foghlaim Gaeilge faoi láthair).

“Is iomaí rud a spreagas daoine leis an Ghaedhilge a fhoghlaim.  Ceangailt le na sínséireacht, suim sa cheoil nó sna damhsaí Gaelacha.  Nach cuma.”

Ach tá cúiseanna difriúla ag gach foghlaimeoir teanga. Thosaigh Johanna Drasner Haban ag foghlaim an teanga nuair a bhí uirthi éirigh as a post de bharr a míchumas. Níl aon ghaolta aici in Éirinn nó aon rud.

“I’ve been retired due to disability (mostly housebound) since 2009, so am always looking for meaningful things to do. A few years back I began learning Irish with Duolingo, Rosetta Stone, and other online resources. I’ve been to Ireland twice,  I’ve always felt a connection of a kind I could never articulate.”

Is aip saor in aisce é Duolingo, ar fáil IOS agus Android. Tá clú agus cáil ar in Éirinn, thar learr, agus sna scoileanna.  “The world’s most popular way to learn Irish”- dar leis a suíomh gréasáin. Tá sé diríthe ar stór focal.

Chabhraigh Twitter go mór le Johanna nuair a thosaigh sí ag foghlaim an Ghaeilge. Ba áis é chun teagmháil a dhéanamh le cainteoirí eile. Agus chonaic sí caint faoi chéim mháistreachta i UCC  ar twitter. Is céim “Gaelic Lit” trí Bhéarla go hiondúil é ach bhí modúl as Gaeilge freisin.

“One day I saw a tweet about this new program. It seemed like a perfect way to learn all the things I wanted to learn through the lens of language and literature.”

Tá na meáin sóisialta agus an Pobal Gaelach ar Twitter fíor-thábhachtach do Johanna mar is áis é chun a cuid Gaeilge a cleachtadh. “My biggest challenge is that being disabled, it’s hard for me to get out into communities of speakers.”

Dar léi níl pobal láidir don fhoghlaimeoirí teanga i Seattle. Agus tá sé deacair teanga beo a fhoghaim gan a bheith ag caint le daoine eile as Gaeilge sa saol realaíoch. “I’ve had almost no real-world experience with it. I did do a course of lessons with a tutor over Skype, but it’s not quite the same. And since I moved from California to Seattle this year, I’ve looked for Irish language groups but can’t find any that are active.”

Gan aon dabht tá daoine i Meiriceá atá ag foghlaim agus ag múineadh an Ghaeilge agus tá deiseanna fostaíochta do na daoine le chéim Ghaeilge nó taithí ag múineadh í. I Ré an Nua- Teicneolaíochta tá sé i bhfad  níos éasca aithne a chur daoine cosúil leatsa atá ag foghlaim an Ghaeilge freisin. Ach, fós tá sé tábhachtach am a chaitheamh sa Ghaeltacht nó fiú in Éirinn chun a bheith líofa go leor agus chun taitneamh a bhaint as an teanga beo sa saol realaíoch.

Le Róisín Ní Chuillinn

Image Credit: Alison Clair