Laoch Meiriceánach ag foghlaim na Gaeilge

Sa lá atá inniu ann, ceapann a lán daoine go bhfuil ár dteanga “marbh”. Ceapann daltaí go bhfuil sé ró- dheacair. Cén fáth go bhfuil orthu an Ghaeilge a fhoghlaim don ardteist? Níl clú dá laghad ag turasóirí cén fáth go bhfuil ár gcomharthaí scríofa i nGaeilge.

Tá sé deacair an cáineadh seo a cloisteáil, go hairithe nuair atá tú ag staidéar an Ghaeilge i gColáiste. Ach, uaireanta tá dea-scéalta le cloisteáil. Uaireanta cloiseann muid faoi dhaoine speisialta, daoine a spreagann daoine eile an teanga a fhoghlaim. Is é Joe Cullinane sampla iontach de na daoine seo. I mo thuairim féin – is laoch é .

Is ollamh Meiriceánach é Cullinane , ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa roinn Ghnó. Is cathróir Éireannach é . Ní raibh a fhios aige go bhfuil an Ghaeilge i mbéal na daoine nuair a bhí sé ina chónaí i gCalifornia. “I didn’t have an appreciation for Irish until I came to Ireland.” Bhí ionadh ar Cullinane nuair a chuala sé ár n-uachtarán ag caint as Gaeilge. “I wasn’t aware that it was the first language… The President will start his speeches in Irish.”  Cinnte, tá athbheochan na Gaeilge ar siúl arís ar Twitter, i gColáistí, sna tithe tábhairne. Tá Gaeilge ina teanga oifigiúil san Aontas Eorpach anois. Mar a dúirt ár gcara Meiriceánach ,“It is picking up steam as a langauge.”

I Meiriceá sa lá atá inniu ann, is ábhar luachmhar í an Ghaeilge. Múineadh í i gcoláistí cailúila mar shampla – Havard agus NYU. Bhí Cullinane ina chónaí i gCalifornia, mar sin, ní raibh an méid deiseanna ann chun an teanga a fhoghlaim.

Níl sé láidir ag foghlaim teangacha eile ach thit Cullinane leis an Ghaeilge agus an cultúr ag baint léi. “I love the traditional music in Irish.” Is duine de lucht tachtaíochta ‘Ye Vagabonds’. Is aoibhinn leis a gcuid amhráin go hairithe nuair a chanann na deartháireacha (Brían agus Diarmuid Mac Gloinn) i nGaeilge. Dísreach ó Cheatharlach iad Brían agus Diarmuid. Tá a chéad albam acústach ar díol anois. Cabhraíonn na hamhráin an Ghaeilge a scaipeadh ar fud an domhain mar go bhfuil an cheol agus an Ghaeilge ceangailte le chéile.

Níl sé ag iarraidh anois a bheith líofa ach – dar leis tá sé fíor tábhachtach go bhfuil daoine in ann na ainmneacha agus log ainmneacha a rá i gceart. “Pronunciations are really important.” Ag an am seo, tá sé ag fiosrú na bealaí éagsúla ar fáil do na foghlaimeoirí teanga, maidir le suíomhanna ar líne, ranganna oíche agus rudaí mar sin. Tá ollamh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag cabhrú leis freisin. Tá rud amháin cinnte- i Ré an Nua Teicneolaíochta tá gach saghas áis ar fáil, feicfidh sé deiseanna i ngach áit an Ghaeilge a fhorbairt.

Tá sé ar intinn aige fanacht anseo mar tá sé tógtha leis ár gceol, ár gcultúr, ár dteanga. “I hope to stay in Ireland. I like it here.” Bhí muid ag caint faoin nGaeilge sna scoileanna agus an fáth go bhfuil daoine óga ag gearán fúithi- an Ardteist. Ach ceapann Cullinane go bhfuil sé fíor tábhachtach do theanga agus do Ghaeilge a ghlacadh. “Students should definitely be aware.” Is gnáth rud í an Ghailge inár saol ach is rud speisíalta í i saol Cullinane.

B’fhéidir ní thugann muid an urraim di a bhí dlite di. Uairaenta tá sé tabhachtacht gné eile a thaispeáint. Uaireanta tá sé tábhachtacht féachaint ar gnáth rudaí trí shúile eile. Tá muid ró- ghnóthach. Tugann Joe Cullinane an deis seo dúinn, deis féachaint ar an nGaeilge don chéad uair arís. Cad a bhíonn na deacrachtaí ag baint léi? An bhfuil áit don Ghaeilge i Meiriceá sa lá atá inniu ann. An bhfuil ort dul go dtí an Ghaeilge chun a bheith líofa? Tá a lán ceisteanna agam. Ach fuair mé an freagair is tábhachtaí inniu- an freagair don cheist iontach conspóideach- An bhfuil an Ghaeilge márbh.

Níl sé.

Tá sí i gcroí gach foghlaimeoir teanga.

Tá ár dteanga bheo, tá sí beo sna scoileanna, tá sí beo sa Ghaeltacht, tá sí beo ar na sráideanna agus beidh sí beo go deo na ndeor nuair atá daoine cosúil le Cullinane á fhoghlaim í  agus ag coimeád an spiorad beo. Ní cheapann Cullianne go mbeidh sé líofa roimh dheireadh na mbliana ach bhí sé in ann m’ainm a rá i gceart, agus mar a deir an seanfhocal- Tús maith leath na hoibre. Tá sé ag déanamh iarracht an cúpla focal a úsáid- iarracht níos fearr ná cuid den phobal. Beidh The College View ag coimeád súil ghearr ar a bhealach.

Le Róisín Ní Chuillinn

Image Credit : Liz West