Avicii Vs Lurgan: slí nua don Ghaeilge?

Beagnach leathuair tar éis a dó ar maidin, ach fós lean an dream ar aghaidh leis an tasc a bhí orthu. Níos mó ná trí chéad ochtú duine óg ag seasamh lena chéile, ag canadh na focail ceánna. Dathanna difriúla á caitheamh acu, na drumaí ag tabhairt tacaíocht dóibh leis an gceol agus an rithim. Na huirlisí traidisiúnta ag dul lámh in lámh, leis an gceol damhsa. Cairde nua is sean ag gáire le chéile, ag baint sult as an nóiméad atá acu. Ní raibh a fhios acu ag an am, cé chomh mór is a mbeadh sé tar éis seachtain amháin. Ar ndóigh, táim ag labhairt faoi Avicii Vs Lurgan, nó an t-amhrán ‘Wake Me Up’ as Béarla. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé ag obair i gColáiste Lurgan, in Indreabhán, Co. na Gaillimhe i rith an chúrsa. Agus i rith an oíche sin, chonaic mé rud éigin dochreidte.

Chonaic mé an grá atá ag na daoine óga a bhí ann don Ghaeilge. D’aithin mé an bród agus an áthas a bhí ar a n-aghaidh nuair a bhí siad ag canadh, ag baint úsáid as ár dteanga. Nuair a fuair siad an deis í a cleachtadh gan leabhar nó gan múinteoir ag cuir as dóibh, bhí sé chomh soiléir le breacadh an lae go bhfuil na daoine óga seo ag iarraidh ár dteanga a choimeád beo. Agus an méid seo ar ár n-intinn againn, smaoineoimid ar feadh soicind ar an gcóras do Ghaeilge a mhúineadh do dhaoine.

Tá a fhios agam go gcaithfidh daoine na rialacha gramadaí a fhoghlaim ach bá chóir go mbeadh bealach dóibh é seo a dhéanamh níos suimiúla. Nach féidir rud éigean nua a dhéanamh, nó am a thabhairt do mhúinteoirí fiú rud éigin difriúil a dhéanamh le daltaí in ionad a bheith ag foghlaim ó leabhair faoi atmaisféar an dán traidisiúnta nó faoin duine a scríobh é.

Níl sé mar aidhm agam go mbeadh an píosa scríbhneoireachta seo mar ghearán faoin nGaeilge agus an easpa duine a mbíonn á labhairt. I dteannta sin, nílim ag iarraidh an t-alt seo a úsáid chun caitheamh anuas a dhéanamh ar an gcóras oideachas, á rá go bhfuil sé ag déanamh dochar don teanga seachas ag tabhairt tacaíocht do. Ba mhian liom an t-alt a úsáid chun an spot-sholas a chur ar rud éigin. Nuair a chonaic mé áit mór cosúil leis an bpobal, dubh le daoine óga, thaispeáin sé dom gur féidir leis an nGaeilge a bheith in úsáid in ár saol laethúil. Chonaic mé go bhfuil an fonn ag daoine í a labhairt agus a fhoghlaim, ach caithfidh sé a bheith níos easca anois.

Féach ar teicneolaíocht. Cé a ceapadh go mbeadh daoine in ann dul ar an idirlíon ar a gcuid fóin póca cúig bliana déag ó shin? Táimid in ann na mothúcháin agus an meon i dtaobh an Ghaeilge a athrú. Ní shéan teanga í Gaeilge a thuilleadh. Chun an fhírinne a rá, is a mhalairt…nach bhfuil a fhios agaibh anois go bhfuil sé ‘cool’ Gaeilge a labhairt, sin a dúirt Avicii féin, fiú.

Bláithín Ní Nuadháin
Image Credit:Eamon Mac Manus, Baseplate

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.