“Ombudsman Smombudsman”

Pádraig Ó Cairbre

 

Tar éis é a fhoilsíodh go mbeadh Oifig an Coimisinéara Teanga ag dúnadh, tá an ceist tar éis teacht chun solais- an bhfuil suim fós ag an Rialtas an Ghaeilge a thacú is a fhorbairt?
Ar an Déardaoin, an 17 lá de Mhí na Samhna, d’fhoilsigh an Rialtas go raibh siad chun Oifig an Coimisinéara Teanga a chomhcheangailt le hOifig an Ombudsman, mar chuid den athchoiriú ar an Earnáil Phoiblí.

Tháinig an nuacht seo amach thart ar mheánlae an Déardaoin sin, agus taobh istigh de cheithre uair, bhí seasamh díreach eagraithe ag lucht na nGaeilge i mBaile Átha Cliath, le hagóid taobh amuigh de Dháil Éireann, Sráid Cill Dara.

Idir polaiteoirí, Conradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn Éireann agus Cumann Gaeligh éagsúla ó thimpeall Baile Átha Cliath (agus fiú ó Maigh Nuad), bhí thart ar chéad duine taobh amuigh den Dáil le picéid agus ag canadh rudaí ar nós “Ombudsman Smombudsman – Caomhnaigh ár gComisinéir”, le rudaí den nós céanna scríofa ar na plaicird.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an fógra seo ón Rialtas go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, ar an gcinneadh is cúlaithí is meathlaí a bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas. Baineann níos lú céille fós leis an gcinneadh atá an Rialtas céanna tar éis athbhreithniú poiblí a fhógairt 14 lá ó shin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An bhfuil fiúntas ar bith ann don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo más rud é go bhfuil na cinntí déanta cheana féin?”

Is é ról an Coimisinéara Teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuir i bhfeidhm, agus le sin, cinntiú go bhfuil cearta na Gaeilge ar fáil i ngnóthaí oifigiúla leis an Rialtas in Éirinn.

Tá sé ceapaithe ag an Rialtas go sábhálfaidh siad airgead má bhogadh an oifig go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath ón Spidéal. Dúirt Éamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltacha, “Níl sábháil ar bith le déanamh. Ní chaillfidh duine ar bith a bpost. Le fírinne an scéil a insint, beidh costas breise ar an státchiste más amhlaidh go ndéanann siad iarracht an fhoireann reatha a bhogadh go hOifig an Ombudsman i mBaile Átha Cliath. Fiú nuair a bhreathnaigh an Bord Snip ar an gceist seo, mhol siad an Oifig a fhágáil mar atá”. Faoi láthair, cosnaíonn an oifig thart ar €600,000 in aghaidh na bliana.

Tá an tuairim ann anois toisc nach mbeadh Oifig an Coimisinéir Teanga mar oifig neamhspleách, agus mar sin, níl a chuid oibre chun a bheith iomlán trí mheáin na Gaeilge. Conas gur féidir le hoifig Gaeilge a hobair a dhéanamh gan a theanga féin?

Ní oifig neamhspleách Oifig an Coimisinéara Teanga níos mó. Go dtí seo, le gearrthaí siar, níl ach cúigear ag obair go lántéarmach le hOifig an Coimisinéir Teanga, nuair gur cheart do dháréag a bheith ag obair ann go lántéarmach.

Ceapadh Seán Ó Curreáin, iar-leas-uachtarán Raidió na Gaeltachta, mar an gcéad Coimisinéir Teanga i 2004 nuair a cuireadh an oifig faoi bhun faoi Acht na Teangacha Oifigiúla, agus athceapadh é i 2010.

Ina thuairisc dheireannach i 2010, dúirt Ó Cuirreáin go bhfuair a oifig breis is 700 gearrán i 2010, níos mó ná haon bhliain roimhe maidir le deacrachtaí Stáit Seirbhísí a rochtáil trí Ghaeilge. Thug an Coimisinéir  “rabhadh alarmach” sa tuairisc sin nuair a thaispeáín staitisticí nach raibh ach 1.5% de sheirbhísí foirne riaracháin na Roinne Oideachais a chur ar fáil trí Ghaeilge.

 

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.