An tionchar atá ag scéalta idirlíon bréaga

Tháinig sé amach le déanaí nach Justin Bieber a bhí ag ithe an burrito sa bhealach áiféiseach sin agus feiceann sé ar nós nach féidir linn rud ar bith ar líne a chreidiúint. 

Ba scéal bréagach nua é an pictiúr de Bieber ag ithe burrito ag tosú sa lár. Chruthaigh an cainéil Youtube ‘Yes Theory’ an íomhá le leathchúpla Bieber, Brad Sousa, chun cleas a imirt orainn ar fad.

D’eitil na leaideanna taobh thiar de ‘Yes Theory’ Sousa isteach go LA chun an pictiúr a thógáil. Scaip an íomhá ar líne ag tosú go príomhúil ar Reddit.

Bhí a lán daoine caoibheasach feargach faoin modh n-ithe seo agus d’fhoilsíodh cuid mhór ailt agus tvuíteanna faoin eachtra. Tháinig scoilt ollmhór idir daoine de bharr seo agus bhí a lán mothúchán agus tuairimí láidir acu faoi.

Thuig mionlach daoine nach Justin Bieber a bhí ann fiú ach bhí roinnt sásta fós páirt a glacadh sa dráma chun píosa craic a bhaint as.

Ba rud greannmhar agus spraoiúil go leor é an scéal seo agus thaitin sé go mór le formhór duine. Ach le stádas na hidirlíone sa lá atá inniu ann is féidir le daoine scéalta i bhfad níos dainséirí agus mailíseach a scaipeadh.

Tá réimse ollmhór fírinne ann sna scéalta seo. Tógann roinnt dóibh eachtraí nó ráitis as chomhthéacs agus roinnt eile is bréag dhíreach iad.

Smaoinigh fiú ar fhógraí le ráitis ar nós “Ní chreidfeá seo” nó “Is fuath le dochtúirí an duine seo mar gheall ar ár n-earra nó seirbhís”. Tuigeann beagnach gach duine anois gur beagnach bréaga iomláin iad seo ach fós an sprioc atá acu ná daoine a mealladh agus víreas ríomhaire a thabhairt dóibh nó a n-airgead a ghabhadh.

Tagann scéalta amach gach uile lá ar líne faoi dhaoine atá ag streachailt le hairgead agus ag lorg cabhair. Freisin, tagann beagnach an líon céanna scéalta amach faoi daoine a bhíonn ag liginn orthu gur seo an cás chun airgid a thógáil ó daoine córtasacha.

Ar nóta níos polaitiúila, le linn na toghchána is déanaí sa Bhraisíl chuaigh roinnt scéalta timpeall maidir le calaois vótála. Thosaigh seo le nuacht ón suíomh dheas-ailternach ‘Info Wars’ ag rá go raibh na meaisín vótála ag vótáil le haghaidh iarrthóir áirithe go huathoibríoch.

Comh maith le sin bhí scannal ollmhór le WhatsApp bunaithe ar scéalta bréaga sa tréimhse seo. Scaipeadh pictúirí mar fiainaise do calaois vótála agus mar iarracht gaol a chruthú idir iarrthóir agus cóip coiriúlachta.

Creideann formhór daoine cuid mhaith den eolas a léann siad ar líne agus cruthaíonn seo fadhb eiticiúil ollmhór as an bhfeiniméan seo. Ní féidir le daonlathas feidhmiú sna coinníollacha seo ar barr sin, cruthaíonn sé atmaisféir teann idir na hiriseoirí agus an pobal.

Ní féidir linn na scéalta seo a stopadh ach caithfidh aicsean éigin tarlú ina gcoinne. Bí níos curamaí faoi cad atá á léamh agus á scaipeadh agat ar líne.

Le Jay Gorman

Image Credit: Youtube