Cúis Conspóide na gCuarán

Tá an t-idirlíon trína chéile arís mar gheall ar phictiúr uaslódáilte go Twitter de phéire cuaráin a bhfuil i siopa sa Phortaingéil. Ar an dromchla níl aon rud as an ngnáth fúthu seachas, b’fhéidir go bhfuil siad mealltach ach is é dath na gcuarán ábhar spéise an phobail faoi láthair.

Ar an 27ú Feabhra 2015, uaslódadh grianghraf de ghúna don idirlíon, le dath an ghúna ag cruthú conspóide i measc pobail an idirlín. Nuair a chonaic daoine é, bhí slua a chreid go raibh sé dubh agus gorm ach slua a eile a mheas go raibh sé bán agus ór.  I ndiaidh cúpla lá dúradh go raibh sé beagnach 50% a cheap go raibh sé dubh agus gorm agus 50% a cheap go raibh sé bán agus ór.

Tá an rud céanna ag tarlú anois ach le péire cuaráin. Chuir cuntas twitter “positivedemi” an pictiúr de na cuaráin ar an suíomh ar an Déardaoin, an 17ú Samhain leis an gceist i bPortaingéilis leis “que cor voces tao vendo?”, a chiallaíonn “Cén dath a fheiceann tú?”. Thosaigh daoine mórthimpeall an domhain ag argóint faoi na dathanna a chonaic siad.

Bhí sé éagsúil ón ngúna, áfach, de bharr go raibh réimse níos leithne de dhathanna le feiceáil ag daoine an uair seo. Rinne ‘mirror.co.uk’ pobalbhreith a chur ar bhonn agus socraíodh go raibh 5 péire de dhathanna le feiceáil ag daoine.

 

Thíos tá torthaí an tsuirbhé:

Gorm agus Donn -18%                                                     

Gorm agus ór – 24%

Liath agus gorm – 10%

Bán agus ór – 41%

Meascán dathanna – 7%

Tá sé soiléir ó na staitisticí sin go bhfuil daoine den tuairim go bhfuil níos mó ná díreach dath amháin ar na cuaráin. Tá claontacht ann do bhán agus ór cinnte, go bhfuil tromlach na ndaoine faoin tuairim chéanna faoi dhath an choisbhirt.

Éiríonn sé níos suimiúla nuair a bhreathnaíonn tú orthu i ndiaidh tamaill, áfach. Den chéad uair feiceann tú dath áirithe amháin, mar shampla Bán agus Ór, ach tar éis uair nó tamall níos faide seans go bhfeicfidh tú dath eile nó meascán eile.

I mo thaithí féin, nuair a d’fhéach mé ar den chéad uair chonaic mé go raibh siad bán agus ór agus níor smaoinigh mé rófhada faoi ach nuair a bhí mé ag scríobh an ailt seo d’fhéach mé ar ais orthu agus chonaic mé gorm sa lár.

Tá an t-idirlíon faoi láthair ag argóint, agus fiú timpeall an choláiste cloiseann tú cairde ag argóint faoi dhath na gcuarán agus ag tabhairt amach faoina chéile, nach bhfuil siad den tuairim chéanna.

Mar sin, céard é an scéal leis an ngúna agus anois leis na cuaráin? An draíocht é? An bhfuil cúis na conspóide go bhfuil méid mór duine dathdhall? Tá an freagra i bhfad níos teicniúla ná sin agus mar a chreid slua mór, tá an eolaíocht ann lenár múineadh.

Tá tréithe suimiúla á roinnt ag an bpictiúr den ghúna agus na cuaráin atá an-tábhachtach go bhfeicimid orthu chun go nochtaítear an chúis go bhfeiceann daoine dathanna difriúla óna chéile.

An chéad tréith á roinnt acu ná go bhfuil an íomhá riastartha, nach bhfuil sé go hiomlán soiléir agus dá bharr tá an íomhá níos deacra na dathanna a aithint.

Rud eile atá ait faoin dá ghrianghraf ná láidreacht an tsolais. Tá an dá ghrianghraf an-gheal, na cúlraí ach go háirithe agus tá sé sin an-tábhachtach sa tslí nach mbíonn dathanna áirithe léirithe agus go bhfeiceann daoine difriúla dathanna difriúla.

Níl sé foilsithe go fóill cén dath go hiondúil a bhfuil na cuaráin ach tá seans ann go bhfuil siad bán agus ór, de réir daonáirimh de. Tar éis cúpla lá den ghúna a bheith ag taisteal mórthimpeall an idirlín, tháinig sé amach go raibh sé dubh agus gorm.

An fáth go mbíonn mistéir ann ó thaobh na dathanna de ná go bhfuil rónochtadh sa ghrianghraf, go bhfuil cothromaíocht an dath báin chomh olc sin sa ghrianghraf agus dá bharr tá bob buailte ar ár súile.

Tá sé soiléir go bhfuil an fhadhb leis na cuaráin cosúil le sin, ach in áit an rónochtaithe don dath bán tá sé ar na dathanna dorcha.

Ach ag cur na heolaíochta ar leaththaobh, tá sé fós an-suimiúil le feiceáil go dtarlaíonn rudaí cosúil le seo, go bhfuil daoine ag breathnú ar an ngrianghraf céanna san áit chéanna in ann dathanna difriúla a fheiceáil óna chéile.

An cheist eile ag teacht amach as an gconspóid seo ná cé mhéad grianghraif eile den chineál seo a bheidh i gciorclaíocht amach anseo.

Jordan Hussain

Íomhá: @positivedemi (Twitter)

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.