Glantachán Earraigh – Cuir cuma eagraithe slachtmhar ar do theach, d’aigne agus do shaol

Ali Spillane

An t-Earrach buailte linn agus tús curtha le Carghas níl am níos fearr glantachán earraigh a dhéanamh ar do shaol.

Seo cúpla nod daoibh chun do shaol a eagrú agus díthocsainiú a dhéanamh. Uaireanta bímid chomh gnóthach leis an gháthshaol nach mbíonn seans againn ár gcuid cursaí a chur in eagar agus bheith chomh eagraithe mar is cheart dúinn a bheith.

  1. Glan amach do sheomra leapa. Is tús iontach é seomra glan a bheith agat. Uair sa tseachtain nó fiú gach coicís déan iarracht do seomra a ghlanadh. Má dhéanann tú go rialta é, ní jab mór é. De ghnáth bíonn an oiread sin bruascar agus rudaí randamacha ann go mbíonn cuma salach air. Tar éis oíche amach, idir an ullmhúchán agus an deireadh bíonn mo sheomra féin bun os chionn agus cuid mhaith den am fanann sé mar sin ar feadh lá nó dhó. Má tá seomra glan eagraithe agat, beidh tú i ndea-ghiúmar.
  2. Glan amach do vardús. Déan é. Ná caith seachtain ag smaoineamh faoi agus é fágtha ar an méar fada. Tóg cúpla uair sa lá, b’fhéidir sa maidin, agus déan é. Bí réidh le triail a bhaint as gach rud mar beidh go leor éadaí ann a bhfuil dearmad glan déanta agat orthu. Ach is maith an rud é sin mar gach seans go mbeidh outfit nó dhó nua agat ar deireadh. Cuireann sé iontas orm an méid éadaí a bhíonn agam i gconaí nuair a bhíonn glantachán earraigh á dhéanamh agam ar mo vardrús féin.
  3. Faigh dialann. Chun do cheann a ghlanadh amach agus do chuid smaointe a chur in eagar is iontach an áis é dialann maith a bheith agat. Idir tascanna ollscoile, sceideal oibre agus do shaol sóisialta bíonn saol gnóthach ag mic léinn agus déanann dialann an saol i bhfad níos éasca. Is cosúil le glantachán earraigh don intinn a dhéanamh.
  4. Ceannaigh boscaí agus fillteáin. Chun do chuid rudaí a choinneáil go deas néata bíonn boscaí agus fillteáin éifeachtach. Bíonn na céadta bileoga agat nach bhfuil tú ag iarraidh caitheamh sa bhruascar ar eagla na heagla go mbeadh sé úsáideach lá éigin i do shaol, ach atá caite sa chúinne le fada. Le fillteán, tá cuma néata eagraithe orthu agus bíonn sé níos éasca teacht ar cheann áirithe nuair atá sé uait. Is féidir boscaí a fháil nach bhfuil costascach. Má tá rudaí randamacha ag luí timpeall do sheomra cuir i mboscaí iad agus beidh ionadh ort an méid spás a bheidh agat chun níos mó imeachtaí a dhéanamh i do seomra.
  5. Agus tú ag déanamh do ghlantachán earraigh déan i gceart é, faigh an scuab nó an húvar agus glan ó bhun go barr é. Ó mo thaithí féin bím drogallach i gcónaí mo sheomra san Ollscoil a ghlandh mar is cheart. Bíonn sé de dhíth go dona nuair a déanaim é. Ach má dhéanann tú go rialta é ní thógann sé mórán ama agus bím cuma deas slachtmhar air.

Ná cur nóiméad níos mó amú, tosú anois agus beidh seomra, aigne agus saol deas néata eagraithe agat go luath. Is fiú go mór é gan dabht.

Ali Spillane