Rinne mé dearmad – Modhanna a bheith níos eagraithe ar an ollscoil

Tá aisling ag gach aon duine a bheith chomh spreagadh agus eagraithe do choláiste is gur féidir leo, agus tá a fhios againn i saol réalaíoch ní tharlaíonn sé.

Táimid anois cúpla seachtain istigh do léachtaí agus tá an liosta oibre ag méadú, tá na spriocdhátaí níos congraí ná mar a cheap tú agus tosaíonn tú ag fáil buartha.

Tarlaíonn sé don chuid is mó mic léinn, déanann muid dearmad ar an léitheoireacht bhreise a bhfuil ag teastáil chun an tasc a dhéanamh, mar sin, fanann tú suas an oíche roimhe chun é a léamh agus ansin tá tú i do zombaí an lá dár gcionn ag déanamh iarracht é a scríobh.

Ach tóg an alt seo mar do threoirleabhar nua chun a bheith níos  eagraithe ar choláiste ionas gur féidir leat fós taitneamh a bhaint as saol na hollscoile.

An chéad rud atá thar a bheith úsáideach ná chun dialann bheag a cheannach duit féin, ansin aon obair atá le déanamh agat scríobh síos anseo iad seachas i measc do chuid nótaí a bhreac tú síos I léacht. Braithim go n-oibríonn seo níos fearr toisc gur féidir leat teacht orthu níos éasca.

Ná bí buartha mura thaitníonn leat a bheith ag scríobh rudaí síos an t-am ar fad, is féidir aip a fháil ar do ghutháin cliste chomh maith. Tá an bunús céanna acu is  féilire pleanála é agus is féidir leat gach rud a eagrú istigh ann agus d’amchláir léachtaí a chur isteach ar an gcóras. Tá roinnt cinn éagsúla le fáil ar IphoneAndroid.

Cabhraíonn sé chomh maith chun scarbhileogh dhathchodaithe a chruthú, roghnaigh dath I gcomhair gach modúil agus ansin scríobh síos na dátaí móra ina bhfuil obair le bheith déanta. Ar an scarbhileog chomh maith scríobh síos aon léitheoireacht breise atá le déanamh.

Is smaoineamh maith é chun scríobh síos go soiléir an léitheoireacht atá le déanamh agat. Mar shampla: Dé Luain: Caibidil 1 le léamh i Séadna. Má dhéanann tú é seo beidh a fhios agat go díreach cad atá léite agat agus céard nach bhfuil. Nuair atá tú críochnaithe is féidir líne a chuir tríd agus mothóidh tú láithreach níos eagraithe agus táirgiúil.

Má oibríonn tú níos fearr le daoine, roghnaigh a chara a bhfuil a fhios agat go féidir libh obair le chéile agus a bheith dírithe. Ansin is féidir dul chuig an leabharlann leo idir léachtaí agus tús a fháil ar do chuid oibre.

Rud eile a n-oibríonn domsa ná, má tá cláir raidió is fearr leat a úsáid an tam sin chun do chuid oibre a dhéanamh agus tú ag éisteacht leis an gcláir. Bíonn an chuid is mó do chláir raidió ar siúl i gcomhair dhá nó trí huaire agus ní mhothaíonn tú an tam ag imeacht. Beidh trí huaire caite agat agus chuid mhór do thascanna críochnaithe.

Lean leis an treoirleabhar seo i rith na mbliana agus beidh fós a lán am agat le caitheamh i NuBar le do chairde.

Le Andrea Howard

Image Credit : Mikey Walsh