Ceolamharclannaíocht le Gaga

Is scannán é ‘A Star is Born’ do ghach uile duine, is cuma cé a théann in éineacht leat chun é a fheiceáil bainfidh tú taitneamh as.

Tá grá ann, aicsean & troid, banríon-draig, Lady Gaga agus ar ndóigh Ceolamharclannaíocht. Meascán iomlán do théamaí ach tagann siad ar fad le chéile chun scannán den scoth a chruthú.

Is scéal thar a bheith simplí atá sa scannán, oibríonn Ally (Lady Gaga) mar fhreastalaí ach tá mianta ceolmhar aici nach bhfuil sí in ann chur i gcríoch go dtí go mbuaileann sí le sár-réalta ceol tíre, Jackson Maine (Bradley Cooper). Tá Ally caite isteach i domhain an tsár réalta, Maine agus athraíonn a saol go mór mhór.

Is léiriú dochreidte é seo do, scileanna aisteoireacht Bradley Cooper agus Lady Gaga, cé chomh réalaíoch is atá a gcarachtair sa scannán. Tá an scannán, an chéad uair go bhfuil Cooper ina stiúrthóir ar an scannán agus is cinnte nach mbeidh sé an ceann deireaneach.  

Tá $178 milliún tuillte ag an scannán i 6 seachtaine go dtí seo, agus is dócha go shroichfidh sé $200 milliún riamh deireadh na bliana.

Bhí ‘The Greatest Showman’ an scannán is rathúla an bhliain seo caite agus tuill sé $174milliún, ach tá ‘ A Star is Born’ chun tosaí anois agus  an tríú ceoldráma beo-aicsean is rathúla I níos mó ná 44 bhliain.

Is é seo an cheathrú uair go bhfuil athdhéan déanta ar an scannán seo, bhí an chéad cheann cruthaithe i 1954 le Judy Garland agus James Maison agus bhí Barbara Streisand agus Kris Kristofferson sa dara leagan don scannán. Cheana bhí brú ollmhór ar Gaga agus Cooper chun post maith a dhéanamh d’oidhreacht Streisand agus Garland.

Mothaíonn tú gach cineál mothúcháin tríd an scannán ar fad, agus do thromlach na ndaoine is é brón an ceann is lárnaí. Ach más duine thú nach mbíonn ag caoineadh sa phictiúrlann muna bhfuil madra nó aon ainmhí bainteach leis an scéal, bhuel ar an drochuair beidh tú féin ag caoineadh chomh maith! Tá madra álainn ag Jackson Maine sa scannán agus chun na radharc sin a dhéanamh níos gleoite ná mar atá, is madra Bradley Cooper é san fhíor saol.

Fíric eile faoin scannán ná gur rinneadar taifead beo ar na radharc canadh in aon uair amháin, ní rabhadar ag canadh le ceol ar siúl sa chúlra. Bhí Cooper agus Gaga ag canadh beo gach uile uair.

Ba cheart do gach éinne dul chun é fheiceáil mar tá fhios agam, níl deireadh ag teacht leis an gcaint faoi ar feadh tamall ar aon nós le na ‘Oscars’ ag teacht suas. Deir na foinsí ar fad go mbeidh an bua ag an scannán ar an oíche.

Le Andrea Howard

Image Credit : BBC