Bliain na Gaeilge – Conas Gur Féidir Leat Páirt a Ghlacadh

Sorcha Uí Chonghaile

Tá Bliain na Gaeilge ag dul ar aghaidh go tapaí… ach conas gur thig leat mar mhic léinn in DCU a bheith páirteach ann?

B’fhéidir nach raibh a fhios agat go dtí seo ach tá Bliain na Gaeilge ar siúl i mbliana. An sprioc atá ann le 2018 mar Bhliain na Gaeilge ná chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus níos mó daoine a mhealladh chuig an teanga! Tá neart bhealaí chun a bheith páirteach, ní dhéanann sé aon difríocht má tá cúpla focal agat nó má tá tú líofa!

Seans go bhfuil tú neirbhíseach le do chaighdeán Gaeilge tar éis meánscoil – níl tú leat féin, tá go leor daoine sa bhád céanna ach ní gá go stopfaidh sin thú! Ceapann daoine gur ábhar í nó gur rud aisteach í, ach níl an Ghaeilge mar sin ar chor ar bith! Is deis í Bliain na Gaeilge, i mo thuairim, chun an Ghaeilge a spreagadh agus a dhéanamh mar ghnáthchuid den saol go ginearálta ach go háirithe saol na mac léinn.

Conas gur féidir leatsa a bheith páirteach i mBliain na Gaeilge i DCU? Bhuel, tá an t-ádh ort, mar tá neart pleanáilte agam (mar bhur n-Oifigeach Gaeilge ar an SU) agus ag an gCumann Gaelach! Beidh ranganna ag tosnú níos déanaí sa bhliain liomsa, má tá spéis agat teacht chucu – coinnigh súil ar na meáin sóisialta agus ar do ríomhphost i gcomhair tuilleadh sonraí faoi sin. Bíonn Tae agus Plé ar siúl Dé Máirt sa Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig agus bíonn Club Comhrá ar siúl Déardaoin sa Spás Languaculture sa bhloc Henry Grattan ar Champas Ghlas Naíon. Chomh maith le sin, beimid ag dul chuig Oireachtas na Samhna agus molaim duit teacht linn! Is deis atá ann chun spraoi a bhaint as an teanga agus an cultúr a cheiliúradh! Fáilte roimh chách, is cuma linn cén leibhéal Gaeilge atá agat. Téimid amach chuig an bPop Up Gaeltacht gach mí le chéile, is deis é sin chun a bheith sóisialta le Gaeilge!

Chuir mé ceist ar Alswyn Ní Aonghusa ó Chonradh na Gaeilge faoi thábhacht Bhliain na Gaeilge ina tuairim agus dúirt sí go gceapann sí go bhfuil “Bliain na Gaeilge ag athrú meon daoine faoin nGaeilge” agus go bhfuil an bhliain ag cur “Gaeilge i mbéal an Phobal agus is iontach an rud go bhfuil na meáin ag labhairt faoin nGaeilge go dearfach!”

Mo chomhairle duit do Bhliain na Gaeilge – Bí páirteach, Bí ann, Bí Gaelach!

Sorcha Ní Chonghaile 

Image Credit: stpatricksfestival.ie