Rún na hAthbhliana 2022

Sorcha Ní Chonghaile

Le bliain fada eile thart, tá go leor againne ag súil go mbeidh 2022 níos fearr agus go mbeidh muid in ann spriocanna ar leith a bhaint amach tar éis tuilleadh am caite ag déanamh machnamh ar ár tsaoil féin.

Leis sin ráite, níl sé le rá nach raibh 2021 go maith ach chuile bhliain, bíonn sé de nós againn cinéal ‘restart’ a dhéanamh chun muid a chur sa mheon ceart chun spriocanna, brionglóid agus dúshlán nua a bhaint amach. Tá bealaí difriúla a dhéanann daoine a gcuid rún don bhliain amach rompu, ach is léir go bhfuil roinnt nósanna níos coitianta le cur ar liosta le glacadh suas le linn an tréimhse úr seo. 

Dom féin, níor mhaith liom breathnú ar Eanáir amháin mar am le spriocanna a dhéanamh agus na dúshláin atá mé ag iarraidh dul i ngleic leo a aithint – ní oibríonn sé do go leor daoine breathnú go fadtéarma nuair atá siad ag iarraidh nós a cruthú. Bíonn sé níos éasca aicsean a bhreacadh síos go tréimhsí níos giorra.

Mar shampla, más rud é go bhfuil tú ag iarraidh an Maratón Bhaile Átha Cliath a dhéanamh, bíonn ort traenáil thar am chun tú a fháil réidh agus do laidreachas a thógáil, ní théann tú i mbun an 42km ar an gcéad lá de chleachtadh roimhe. Is é an rud céanna le nós nua a thógáil – bris síos é go spriocanna laethúil, seachtainiúil, míosúil agus ansin is féidir breathnú go fadtéarma. 

Is léir ón am a chaitheamh ar na meáin sóisialta le déanaí go bhfuil go leor béim curtha ag daoine ar bhfolláin agus féinchúram mar rúin do 2022. An bhfuil sé réalaíoch?

Níl freagar simplí ann mar níl na acmhainní céanna ag chuile dhuine ach an bunsmaoineamh sin de am a chur ar taobh duit féin agus aire a thabhairt duit i ndearcadh de féin feabhsú… is fiú é sin. Bíonn sé de nós ag daoine sna laethanta atá inniu ann rún ar nós ithe níos fearr nó níos mó am a chaitheamh san ionad spóirt a dhéanamh agus is cionn mhaithe iad chomh fada agus go bhfuil tú ag déanamh athruithe go sláintiúil agus inbhuanaithe duit féin (agus le hathruithe móra a bhaineann le do chorp agus meon, déan cinnte labhairt le dochtúir nó proifisiúnach chun cinntiú go bhfuil an athrú oiriúnach duit). 

Tá rún na hathbhliana déanta agam mar mhac léinn bhliain na céime chun mo chéim a bhaint amach faoi dheireadh agus is dócha go bhfuil an rún céanna ag go leor againne i mbliana tar éis na cúpla bhliain fada a bhí againn go dtí seo. Is fiú do chách díriú ar céard nach bhfuil tú sásta le agus conas gur féidir sin a aithint. Freisin, cé nach bhfuil sé luaite rómhinic, na rudaí atá tú sásta le a aithint agus a coinneáil i do shaol don bhliain atá romhat.

Image Credit: Cathryn Lavery on Unsplash