Caoimhe Ní Chathail
“Oró Sé Do Bheatha ‘Bhaile…” focla an Phiarsaigh ag ardú i dtreo na scamall ar lá breá gréine i lár príomh-chearnóg Choláiste na Trionóide agus Seo Linn ag canadh.
Sin an áit ar tháinig deireadh le Rith 2016. Áit nár éirigh le lucht an Phiarsaigh fáil isteach ann i mí Aibreán 1916 ach áit ar chruinnigh na Gaeil ar an 14 Márta chun ceiliúradh a dhéanamh ar chríoch Rith 2016 agus ceiliúradh a dhéanamh ar an Ghaeilge.
Tá atmaisféar agus fuinneamh ar leith ag baint leis an Ghaeilge agus ag baint le pobal na Gaeilge. Cén dream eile sa tír seo a dhéanfadh cinneadh rith fríd 32 chondae na tíre in 11 lá ar son na cúise? Tá tréith ar leith ag baint leis an Ghaeilge agus sin an chomrádaíocht atá le braith uaithi. Is pobal láidir muid.
Níor chaith mise ach an lá deireanach de Rith 2016 leis an ghrúpa ach chuir an t-am ar chaith mé leo gliondar ar mo chroí. Thosaigh mé ar an rith isteach go lár na cathrach leo ó Bhaile Munna agus Cumann Gaelach Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath liom.
Shoilsigh an grian aníos orainn agus muid ag rith linn fríd bóithre Thaobh Ó Thuaidh. Tháinig scoil indiadh scoil ar bord linn gach ciliméadar. Chuir achan scoil úr le hatmaisféar spreagthach gach ciliméadar agus na páistí ag caitheamh a ndúthracht leis.
Bhí achan pháiste dírithe ar an dúshlán rompu; a bheith ag rith ar son na Gaeilge fríd sráideanna na tíre agus a bheith mar an reathaí is gasta más rud é go raibh an cumas sin nó fiú an dúil sin acu!
Chuir na páistí fuinneamh athnuaite faoi na daoine fásta ar fhoireann Rith gach uair fosta. Cinnte nach amháin an Ghaeilge a spreag foireann Rith ach na daoine a bhí sásta teacht amach agus rith ar son na Gaeilge chomh maith.
“Éiríonn na laethanta fada nuair a thagann an tuirse chun cinn, ach is cuma faoi sin nuair a thagann dream amach chun reatha agus bíonn meangadh mór gáire orthu, póstaeirí lámhdhéanta acu, amhrán foghlamtha go speisialta acu nó a leithéid. “a deir Bairbre Ní Chonchúir, ó fhoireann Rith 2016.
“Tuigeann tú gur fiú an ciliméadar sin a thugann ardú meanman duit agus na haigheanna úra os do chomhair amach lán le fuinneamh agus sceitimíní. Is pribhléid í é sin a fheiceáil arís is arís eile lá i ndiaidh lae agus muid go léir ar an mbóthar toisc go gcreideann muid sa Ghaeilge, a tábhacht, a todhchaí… ár dtodhchaí, ár dteanga.” a deir sí.
Is iad na páistí seo leis an fhuinneamh ar fad agus iad i mbun Rith 2016 a bheidh mar an chéad ghlúin eile de Ghaeilgeoirí na tíre. Iadsan a bheidh ag caomhnú agus ag cur chun cinn na Gaeilge sa todhchaí. Déanann imeachtaí ar nós Rith iarracht an todhchaí sin a dhéanamh níos dóchasaí dóibh.
Éireoidh go maith leis an Ghaeilge má choinníonn pobal na Gaeilge ag tacú léi. Níl aon dabht agam ach go gcoinneoidh. Tá paisean dochreidte ag baint leis an Ghaeilge agus meon tacúil ag beagnach gach duine a labhraíonn í.
Ní bhíonn muid ag gearán i gcónaí, cé gur sin tuairim choiteann. Den chuid is mó, bíonn muid ag ceiliúradh na Gaeilge, ag cur chun cinn a beocht, a spiorad agus a hoidhreacht. Tá muid fíor-bhródúil aisti.
Sampla den bhród sin nó Rith 2016. Measaim nach raibh eispéireas chomh mothálach agam riamh agus a bhí agus muid ag rith síos Shráid Uí Chonaill ar lá deireanach Rith.
Agus muid ag comóradh 100 bliain ó tharla Éirí Amach na Cásca 1916, tá éifeacht agus tábhacht ar leith ag baint le tada a chuireann chun cinn na féiniúlachta measaim.
Ag rith síos Shráid Uí Chonaill, chuaigh muid thar Ard Oifig an Phoist. Is foirgneamh é lán siombalachais, go háirithe in 2016. Bhí ardú croí agam agus muid ag canadh agus ag scairteadh ar son na Gaeilge agus muid ag rith trasna an áit ar fhógair siad Poblacht na hÉireann lán féiniúlachta.
Ag rith ar son na cúise a bhí muintir Rith 2016. Don chéad uair riamh, rith siad fríd 32 chondae na tíre. Chonaic muintir an oileáin ar fad iad ag rith ar son na Gaeilge. Chonaic muintir an oileáin ar fad go bhfuil paisean, fuinneamh agus neart ag baint leis an Ghaeilge.
Is léiriú infheicthe é Rith 2016 don tír. Léiriú go bhfuil beocht, fuinneamh agus tábhacht ag baint le pobal na Gaeilge agus an teanga féin go fóill. Léiriú go bhfuil glúin eile leis an Ghaeilge ag teacht inár ndiaidh agus go mbeidh muid ag rith go deo ar son na Gaeilge.
Leave a Reply