Trad ‘s Teicnicheol: Sean-Chairde Maithe

Ag éisteacht le halbam de chuid “Justice” le déanaí, d’aithin mé go raibh cosúlacht ar leith ann idir luas an cheoil agus na patrúin bainteach leis an gceol traidisiúnta agus an teicnicheol. Spreag sin an cheist ionam -cén nasc atá ann idir an cheoil traidisiúnta agus an teicnicheol?
Cad as a dtagann spéis an aois óg i dteicnicheol in Éirinn? Is dócha go bhfuil ceol traidisiúnta buailte agus brúite ionann ón dtús agus muid sa bhunscoil – na laethanta fada sin agus an feadóg stain plúchta inár mbéil, gan suim ná nóta ceoil ar eolas againn! I dteannta ár gcairde scoile agus muidne ag pleidhcíocht ‘s ag tabhairt faoin bplámas, tugann an teicnicheol seans dúinn na laethanta spraoimhara sin caite uainn a fheiceáil arís, – ach i bhfoirm eagraithe ina bhfuil doird agus drumaí chomh maith.
Ní rún é go bhfuil cuid mhór daoine óga tógtha leis an dteicnicheol tr agus nuair a smaoiním ar seo, tagann ceoltóir áirithe chun cuimhne: Dáithí Ó Drónaí.
Rugadh Dáithí i mBaile Uí Bheacháin, Contae an Chláir sa bhliain 1990, am ina raibh teicnicheol in ard a réime. Deirtear go bhfuil an baile seo, in Iarthar Chláire, croílár ó thaobh ceol traidisiúnta de agus is cosúil go mbíonn muintir na háite nochtaithe don aimhrialtacht seo agus iad ina n-óige.
Le fás popcheoil, ag teacht go deireadh an fichiú haois, bhí aos óg na hÉireann greammaithe aige agus an ceol traidisiúnta curtha san áilléar. Leis an gceol nua seo agus na fuaimeanna eachtrannacha ceangailte leis, bhí sé an-mhealltach dóibh siúd a bhí aithne acu ar an gcasadh fuaimiúil agus an casadh curtha i bhfeidhm orthu ó bhí siad cúig bliana d’aois. Éalú a bhí ann agus deis cultúr eile a bhlasadh, mórlach an cheoil ag teacht ó Mheiriceá agus na Ríocht Aontaithe. Bhí sé eachtrannach agus galánta, difriúil agus mistéireach.
Tá go leor scileanna ag teastáil chun go mbeidh duine ábalta ceol traidisiúnta a sheinm, ach is dócha nach mbíonn an meas céanna ag daoine ar an bpopcheoil, cé go bhfuil méid mór suime acu ina leith. Is féidir a rá gurbh as seo as a dtagann an nasc idir an dá seánra, go bhfuil meas ag daoine ar sheinnteoirí a bhfuil ábalta amhráin le suas go 120 buille achan nóiméad a chasadh ach go bhfuil fuaim an phopcheoil ró-mhealltach dóibh.
Tá dearmad déanta agam ar ainm an bhfoilseachán anois, ach is cuimhin liom agus mé suite fadó sa rang Teagasc Críostaí agus sliocht á léamh agam ar an ngrúpa teicnicheoil as an bhFrainc: Justice. In agallamh leis an mbeirt, agus iad ar thuras go hÉireann, dúirt duine dóibh gur chuimhin leo a laethanta saoire agus iad ina bpáiste go Contae an Chláir agus iad suite i dteach tabhairne, ag freastal ar sheisiún de cheol traidisiúnta. Dúirt siad go raibh an inspioráid is mó acu an ceol a chuala siad ansin, go raibh luas an cheoil agus ilúsáideacht na tuinairde chomh difriúil sin ó achan ní eile.
Feictear ón méid atá le rá ag ceoltóir mór le rá i ndomhan an teicnicheoil as Tuaisceart na Fraince, chomh maith leis na céadta mílte turasóirí a thagann gach uile bhliain, go bhfuil an ceol seo cloiste againn ón am a bhíomar i measc na Naonáin Bheaga chomh difriúil sin ó gach sort eile, an stair bainteach leis, na scéalta, an cruatan.
D’fhéadfá a rá go bhfuil an teicnicheoil mar leagan leictreonach den cheol traidisiúnta. Feictear a leithéid de Matador, Dáithí, John O’Callaghan agus mar sin de, iad chomh ráthúil sin i measc lucht an teicnicheoil agus a ndúchas bunaithe go docht daingean sa cheol traidisiúnta. Ní thógadh sé gealt le rá go bhfuil, agus go mbeidh, teicnicheoil ceoltóirí Éireannacha ag dul ó neart go neart sna blianta romhainn. Nil orainn ach súil a choimeád ar an gciorcad agus leanúint leis an modh ina gcuirtear an ceol traidisiúnta i measc na bpáistí.

Cal Ó Donnabháin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.