Joshua Homme – 25 Bliain ag cruthú Ceoil

Palm Desert, California 1973 cuireadh Joshua Homme ar an saol. Ní fios ansin go mbeadh sé mar dhuine de na hamhránaithe is tábhachtaí i seánra rac-cheoil “stoner” le linn na nóchaidí agus as sin ar aghaidh ar dtús. Ag tosú le Autocracy agus Katzenjammer agus é le Queen’s of the Stone Age agus Eagles of Death Metal faoi láthair, is léir go bhfuil a ghrá don cheol fós chomh láidir agus a bhí sé nuair a thosaigh sé ag tabhairt faoi. Ní haon rún é go bhfuil Homme mar dhuine de na hamhránaithe is rathúla sa seánra agus braithneoimid ar a scéal níos doimhne.

Bunaíodh Katzenjammer, céad banna Homme, sa bhliain 1987 agus Josh Homme ceithre bliain déag d’aois leis an sprioc ceol difriúl ón cheol le cloisteáil ar an raidió ag an am a chur ar fáil. D’athraigh Katzenjammer a n-ainm go Sons of Kyuss ansin ag críochnú leis an ainm ‘Kyuss’ agus níorbh fhada go dtí go raibh a lucht leanúna dílis faighte acu. Is iadsan a thosaigh an treocht nua ceolchoirmeacha a sheinm na mílte as baile sa ghaineamhlach, ag baint úsáid as gineadóir chun cumhacht a chur ar fáil. Faoi dheireadh na nóchaidí bhí lucht leanúna cultais aimsithe acu agus bhí finscéalta ann bunaithe ar a gceolchoirmeacha leithleacha.
Foilsíodh albam deiridh Kyuss sa bhliain 1995, sula scaradar i ndiaidh mí-aontas. Leis an mbanna scartha lean cuid de lucht leanúna Kyuss Homme agus d’fhoilsigh sé a chéad albam le Queens of the Stone Age in 1998 leis an bhféin-teidil sin. Sheinn sé achan chuid den albam áirithe sin ach amháin na drumaí le hAlfredo Hernandez as Kyuss, ag baint úsáíd as ainm bréige Carlo Von Sexron sna tagairtí. Cuireann an fíreach sin in iúl nach gnáth-amhránaí é Josh Homme ach amhránaí scilmhear agus oillte atá ann.

Leis na blianta ráthúla taobh thiar de bhí an cuma ar an scéal go raibh saol an mhadaidh bháin aimsithe ag Josh Homme ach in 2010 agus é i ndiaidh dul faoin scian tháinig stop lena chuid anála bhí sé marbh go litriúil ar feadh tamaillín go dtí go raibh sé athnuaite. Leis an triobóid seo tholg sé ionfhabhtú MRSA nach raibh a chorp ábalta troid ina choinne de bharr go raibh sé faoi méid mór strusa. Chuir seo stop lena chuid ceoil agus dúirt sé go raibh sé ar intinn aige stopadh amach ‘s amach.

Inniu tá cónaí air lena bhean chéile Brody Dalle agus a mbeirt páiste in Palm Springs, California, gar dá áit breithe. Is cosúil ón méid atá ráite aige go bhfuil sé fós ag gníomhú mar rach-amhránaí agus nach bhfuil deireadh tagtha lena ghairmréim toisc gur fhoilsigh sé albam …Like Clockwork in 2013 le Queens of the Stone Age, ag cur a fhilleadh ar cheol in iúl. I bhFeabhra 2015 dúradh go bhfuil Queens of the Stone Age le tabhairt faoi albam nua a thaifead agus cuireadh seo in iúl nuair a fógraíodh go mbeadh siad ag seinm in Rock in Rio sa Bhraiséil. Tá sé soiléir go bhfuil lucht leanúna dílis ann a bhfuil ag fanacht go mí-fhoighneach ar an bhfoilsiúchán nua seo.

Cal Ó Donnabháin

Íomhá: Elizabeth Kaizer

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.