Feabhas foirfe ar Featuring X

Bhí bliain an-bhisiúil ag an banna ceoil lán-cailíní ‘Featuring X.’ Bhí mé i dteagmháil leo anuraidh roimh seoladh an fhíseáin ‘Wild Love’ i mí Meitheamh.
Tá cuid de na ceoltóirí sa bhanna mar mhic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad sa chéad bhliain faoi láthair. Dara, Eleanor,Jenny Niamh agus Sarah is ainm dóibh agus is as Droichead Átha iad go léir.
Bhí an ghrúpa roghnaithe ag Guinness chun páirt a ghlacadh in ‘Guinness Amplify’, scéim nua fógraíochta bunaithe ag an gcomhlacht do cheoltóirí timpeall na tíre. Roghnaíodh iad ó 800 ceoltóirí Éireannacha eile agus léirigh an cúigear timpeall bailte i gcúige Laighean.
Featuring X a bhí mar acht cúnta don bhanna cheol as Cabhán ‘The Strypes’ san amharclann T.L.T i nDroichead Átha, sa halla i gCabhán, in The Acadamy sa chathair agus i mBéal Feirste, Cill Cheannaigh, Gaillimh, Doire, Dún na nGall agus Sligeach.
Bhí siad mar acht cúnta don bhanna ceoil Sualainnise ‘Thundermother’ i rith mí na Samhna in Spirit Store, Dún Dealgan.
Bunaíodh an banna ceoil sa bhliain 2013 nuair a bhí na cailíní sé bhliain déag d’aois. Ghlac siad
páirt sa chomórtas tallainne ‘School Stars’ i nDroichead Átha agusd’éirigh leo fáil chomh fada leis an mbabhta cheannais.
Sheol siad a gcéad E.P. in 2013 agus ansin thosaigh siad ag cruthú a leagan féin den amhrán ‘Wild Love’ a chan Rea Garvey. Sheoladh an físeán ceoil ‘Wild Love’ anuraidh in ómós don amhrán ‘Addicted to Love’ a bhí léirithe ag Robert Palmer.
Beidh an cúigear le feiceáil i gclár faisnéise i rith mí Meitheamh i mbliana. Bunaithe ar Featuring X, feictear cleachtaidh, cruinnithe, ceolchoirmeacha, dreas fótagrafaíochta agus fís á thaifead.
Inseofar níos mó don lucht féachana faoi na cailíní cáiliúla i rith an chlár. Chomh maith leis sin, inseoidh siad an chúis nach ghlac siad le comhaontú le lipéad ceoil sna Ríocht Aontaithe le déanaí.
Dar leis na cailíní ceolmhara, beidh cuma nua difriúil le feiceáil sa chlár faisnéise. Deir amhránaí an
bhanna, Niamh Sharkey :“Launching ourselves at a young age and with a variety of influences; we feel it has taken us so long to find a style that suits us. We have been endlessly writing new tunes and find it’s getting easier to
write as we get older and experience life.”
Seoltar amhrán nua ‘More than you Can Chew’ ar an 16 Aibreáin i mbliana agus é ar fáil ar iTunes:“We have a lot of new material to release this year. More Than You Can Chew represents our fresh sound and feel this song holds the new vibe we’re going for. We plan to release two EP’s this year, and excited to hear the feedback!”
Is féidir na cailíní a cloisint beo ag Vantastival i Dún Dealgan ón 1ú-3ú Bealtaine agus beidh seó acu in Whelan’s i mBaile Átha Cliath ar an 28ú Bealtaine chomh maith.
Is féidir coimeád suas leis an gcúigear ar Facebook, Twitter, YouTube agus SoundCloud.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.