Ceoldráma Choláiste Phádraig

Beidh ceol ABBA le cloisteáil timpeall Coláiste Phádraig an tseachtain seo, le ceoltóirí agus aisteoirí ag canadh faoi bhrionglóidí, cuimhní agus Dancing Queens.

Tá ‘Mamma Mia’ á léiriú ag mic léinn Choláiste Phádraig an tseachtain seo, in ionad pleananna ceachta, amhráin oideachasúla agus cómhrá faoi chleachtadh múinteoireachta.

Tar éis ‘Sarah White and the Seven B’ED’s’ a chur ar siúl, tá Pat’s Drama Soc chun an seó iontach ‘Here We Go Again’ a léiriú. Bunaithe ar cheoldráma bisiúil ‘Mamma Mia’, beidh neart amhránaíochta agus damhsa le feiceáil.

D’oibrigh léirtheoir an seó, Brandon Cogley, agus stiúrthóir an seó, Stephen Rixon, go dian an seimeastar seo chun an seó a chur le chéile go foirfe. Is í Lauryn Gaffney an striúrthóir ceoil don seó agus í tar éis ceoldráma nua ‘Big Shot’ a scríobh. Is iad Zoe Hayden agus Katie Halligan na cóiréagrafaithe a chruthaigh na damhsaí do na haisteoirí ar fad.

Foireann aisteoirí de 50 atá páirteach ann agus iad go léir mar mhic léinn san ollscoil. Is iad Fiona Hiney agus Ailis Meade na príomhaisteoirí sa seó agus iad ag glacadh páirteanna Donna agus Sophie.

Suite sa Ghréig, tá Sophie ag eagrú a pósadh. Sheol sí amach na cuirí ar fad, ach ní raibh sí cinnte cé a mbeadh ag siúl léi suas pasáiste an tséipéil ar an lá. An é Bill nó Harry nó Sam a hathair?!

Léirithe in amharclann Choláiste Phádraig ar an 20 agus 21 d’Aibreán agus le costas íseal ar na ticéidí (€6!) ní féidir an deis seo a thapú!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.