Calraí ar an Scála

Beidh an líon calraí i ngach saghas bia ar fáil i mbialanna ar fud na tíre le feiceáil ar bhiachláir ó 2016 ar aghaidh. Beidh an t-eolas ar fáil ar bhiachláir gach caifé bia gasta, bialann agus deilí in Éirinn.

Tá sé mar aidhm ag an rialtas an t-eolas seo a chur ar fáil don phobal ar bhiachláir na mbialann chun moladh a thabhairt dóibh a bheith níos feasaí faoin a gcuid réimse bia agus sláinte.

Tá an cuma air go gcosnódh an t-athrú suntasach seo thart ar cúig mhíle euro chun biachláir nua a dhearadh agus córas nua a chur i bhfeidhm maidir leis an bia féin agus an chaoi ina mbíonn an bia ullmhaithe.

Scéal difriúil atá i gceist do Voilá Café, suite ar Shráid Bhagóid i mBaile Átha Cliath. Bíonn custaiméirí na bialainne seo ag iarraidh bia sláintiúil agus úr a ithe achan lá den seachtain. Thosaigh Voilá Café ag cur an líon calraí ar na biachláir in aice le hainm an bhéile thart ar chúig bhliain ó shin – i bhfad roimh aon reachtaíocht rialtais. Tá neart giomnáisiam ar fáil géar don chaifé agus sin ceann de na fáthanna is mó go bhfuil ag éirí chomh maith leis.

Ach caithfear plé a dhéanamh ar an cheist tábhachtach. Bhfuil aon bhunús leis an dearcadh go réiteoidh comhaireamh na gcalraí ar bhiachláir fadhb reatha na hotrachta sa tír seo? An mbeidh suntas a thabhairt ag duine ar bith don líon calraí ina gcuid bia agus an ndéanfaidh sé aon difríocht do roghanna s’acu agus iad amuigh i mbialanna?

Ní aontaíonn Restaurants Association of Ireland leis na hathruithe in aon chor. Tá an dearcadh acu go mbeidh deacrachtaí ag úinéirí na mbialann an córas a chur i bhfeidhm mar gheall ar athruithe a thagann ar bhiachláir chuile lá agus mar gheall nach mbíonn béilí mar an gcéanna gach babhta a ullmhaítear iad.

Is deacair a rá cad iad na tuairimí a mbeidh ag an bpobal agus an mbeidh suim acu sna hathruithe. Tá an seans ann go mbeidh daoine scanraithe ag an gcomhaireamh calraí nuair a fheicfidh siad na figiúirí in aice leis an mbéile is fearr leo. Ní bheidh a fhios againn go dtí an bhliain seo chugainn!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.