Catagóir nua do na Hybrids!

I mbliana, bhí an t-ádh orainn in MPS, catagóir nua a chur isteach i measc na duaiseanna go léir atá ar fáil ag Gradaim na Hybrids ‘Iriseoir na Bliana’.
De bharr go raibh neart oibre déanta ag MPS agus an Cumann Gaelach le chéile, thosaigh siad ag smaoineamh faoin chatagóir nua seo. Chuir an Cumann roinnt mhaith oibre isteach chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngradam seo chun a chinntiú go mbeadh daoine ag iarraidh é a bhuachan agus chomh maith le sin go mbeadh na mic léinn Gaeilge ar an eolas faoi.
Bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill mar an moltóir don chatagóir seo. Is duine an-chumasach í agus tá sí ag obair le TG4 anois ar feadh na blianta, ó seónna i gcomhair páistí go dtí an clár ‘Rugbaí Beo’.
Bhí sí sásta a bheith i láthair ag na Hybrids agus b’iontach an onóir é chomh maith. Fuair sí go leir iontrálaithe agus bhí a lán mic léinn ag iarraidh a bheith ar ann gearrliosta.
Barra O’Scannláin, Caoimhe Ní Chathail, Áine Marie Monk agus Cáit Ní Cheallacháin a bhí ar an ngearrliosta ag an
deireadh. Bhuaigh Barra O’Scannláin é agus bhí sé tuilte go maith aige.
Bhí an t-ádh ar an gcoláiste agus gach duine a bhí i gcomórtas ann a bheith i measc daoine atá chomh rathúil sna meáin.
Mar cheann de heagarthóirí na hócáide, sílim go gcuireadh neart oibre isteach chun an duais seo a chur ar fáil agus tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh ag fás gach uile bhliain.
Le Cumann Gaelach ag buachaint ‘Most Improved Society’, agus an tacaíocht atá ar fáil do na Gaeilgeoirí , níl aon dabht go mbeidh bliain iontach againn an bhliain seo chugainn maidir leis an Ghaeilge.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.