Aireachas – Is cuid lárnach dár sláinte é

Méabh Riordan

Deirinn go leor mar pháiste le mo sheanmháthair go raibh tuirse orm. D’fhreagraíodh sí le: ‘má dheirtear go bhfuil tú tuirseach, beidh tú tuirseach!’ Níor thug mé an ráiteas, géar, seo faoi deara riamh. Ach, dé Déardaoin d’fhreastail mé ar chomhrá socraithe ag RTÉ Lifestyle cá luaíodh corr-rud éigean den chineál céanna. Ba taifead podchraolta ar siúl ar son ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus é a chur i láthair le Taragh Loughrey-Grant. Bhí trí aoi páirteach don chomhrá, ceann dena mná darbh ainm Siobhán Murray. Is síciteiripeoir í, le scéal slí bheatha bhríomhar, ag díriú ar an gcoincheap aireachais agus cumas na teanga – ‘má dheirtear go bhfuil tú tuirseach, beidh tú tuirseach!’

Labhraímid faoin gcumas na teanga agus déantar tagairt do chlárú néaraitheangeolaíoch nó     ‘neuro-linguistic programming’. Níor aithin an téarma seo liom. Mar sin de, agus mar is gnáth, chuaigh mé ar chuairt go vikipéid. Mínítear an tsuíomh ‘iontaofa’ gur cur chuige i leith na cumarsáide, foráis pearsanta agus síciteiripe é. Bunaíodh sna seachtóidí le Richard Bandler agus John Grinder. Fiú go raibh a mhíchlú ar an gcoincheap ó thaobh an eolaíocht, creditear go bhfuil nasc láidir idir smaointe, teanga agus iompraíocht agus go gcuirtear iad i bhfeidhm ar a chéile. Cheaptar go bhféidir linne iad  sin a hathrú, smaointe diúltacha, agus ina theanta le sin, éirigh lenár gcuspóirí saol. Go bunúsach, dá mbá rud é go n-athróimis an meon go bhfuil tuirse orainn, ní bheadh tuirse orainn.

Labhair mé le dlúth-chara liom ag déanamh staidéar ar fisiteiripe agus d’aithin sí feachtas chomhchosúla leí. Tugtar an t-ainm ‘talk your patients better’ air. Chuir sí an-bhéim ar chás pian droma ainsealach agus an tábhacht le húsáid teanga cheart. Mar shampla, má úsáideann tú focail ar nós damáiste nó an téarma caitheamh agus cuimilt spreagtear imní ar daoine a bhogadh – agus moltar go leanúnach ba bhfearr lena gcás le cabhair an  gníomhaíocht gluaiseachta. Creideann sí céad faoin gcéad go n-oibríonn an meon agus an corp in aontacht, go bhfuil said fite fuaite lena chéile.

‘Pain isn’t just physical. Pain is interpreted by the brain, and your interpretation of pain is affected by your emotions, your stress levels, how much sleep you’ve had, what you believe the pain to be…’

Níor stop Ms Murray leis an gcomhairle saoil agus conas a thugadh an t-aireachas isteach insan saol. Cuireadh an tionól faoi gheasa ag a focail mar mhínigh iad croí-lár an coincheap aireachais. Fiú d’oscail mé féin mo nótaí ar an bhfón poca agus mé i mbun notaí a ghlacadh air!

Bunsmaoineamh eile luaite leí agus ceangailte le clárú néaraitheangeolaíoch ná an fhéinmhuinín agus na teoranta a cuirtear leí. Labhair Siobhán faoina nósanna atá againn ár mianta a dhiúltaigh. Tháining mé ar sliocht a thabhairt Louise Hay, scríobhneoir spreagúil Meiriceánaigh, ar an gcomhrá cé a chur solas mealltach ar an gceist – cén fáth go ndéanfaimid é sin dúinn féin.

‘We learn our belief systems as very little children, and then we move through life creating experiences to match our beliefs.’

Léamh mé an t-alt, cá fuair mé an sliocht luaite thuas, ar an suíomh psychologytoday.com agus thug sé léargas spéisiúil dom faoin réasúnaíocht taobh thiar den idé féinmhuiníne. Cuirtear teoranta ar ár roghanna nuair a cuirtear teoranta ar ár bhféinmhuinín. Cruthaíonn ár roghanna cruth an duine agus cruth gach uile rud nó deis a thógaimid. Cuirtear coisc ar na deiseanna a fheiceann tú agus a rugann tú gréim air lena teoranta seo. Ach céard iad na teoranta a thugann tú chun cinn chun do mhianta nó féidearthachtaí a chur in éadan?

De réir scríobhneoir an t-alt Matt James, is iad na deamhain seo ‘rud ar bith ráite duit féin cé a dhlisteanú an fáth nach bhfuil an tasc ag oibriú amach duitse.’ Is múinteoir ‘neuro-linguistic programming’ é Matt agus labhair sé san alt ceann dena céimeanna chun tosnú ar do fhéinmhuinín a bhaint amach.

  • Scríobh síos an theorainn. Lean agus dean fiosrú ar do chuid smaointe agus mothúcháin agus iadsan a bhfuil ag cur i gcoinne ort.
  • Tuig céard atá fíor agus céard is creidiúint í. Tagann rogha isteach sa phictiúir anois. Is féidir leat do sriantaí a chosaint nó do sproicanna a cur i gcrích.
  • Bain triail as credúint nua. Mar shampla, aithin an srian ach faigh conas a cabhraíonn sé le d’aidhm. Céard a d’fhoghlaim tú ón aithint sriain?
  • Tóg aicsean nua bunaithe ar d’aithint nua. Tá an molta seo beagnach a rá dean aithris ar an duine a theastaíonn tú uait a bheith mar. Céard a dhéanfadh an duine sin, cén beart a thógfadh sé nó sí agus an ceacht nua faoina t(h)eorainn chaite foghlamtha aige nó aicí.

 

Mar focal scóir, is é an rud is fearr ná gníomhacht, nó iarracht gníomhacht a thosnú. Ná bác leis an teip. Dá mbá rud é go smaoineann tú ar theip ort féin ba chóir duit breathnú ar mhíniú an focal ‘teip.’ Bhí sainmhíniú níos doimhne agus níos nuálach ag Siobhán Murray ar céard is teip ar rud éigean. Is tuairim é teip. Is tuairim é faoin conas atá muid ar aon lá amháin, tuairim ar cé chomh maith is ar éirigh muid le rud éigean. Is tuairim é ar céard é an ráth pearsanta laethúil atá againn. Mar sin de, is féidir linn an meon agus an dearcadh atá againn ar ár saol pearsanta, ár sonas agus ár ndóchas saoil a hathrú go simplí agus go héasca lena focail cearta. B’fhéidir go mbeadh tús maith é an focal ‘teip’ a sheachaint! Agus rud éigean amháin deireanach; tá an ceart ag seanmháithreacha i gcónaí!