Cluichí Oilimpeacha na camógaíochta

I gcroílár ré na gcuimhneachán céad bliain i dtaobh mór-imeachtaí stairiúla na hÉireann atá muid faoi láthair. Tá iomra cloiste ag cuid mhór den ghnáth-phobal faoina leithéid de chomóradh Éirí Amach 1916 a mbeidh á cheiliúradh an bhliain seo chugainn. Is deacair a rá go bhfuil an fios céanna chomh forleathan amuigh ansin i measc an phobail faoi chomóradh eile, sé sin cuimhneachán céad bliain ‘Corn Ashbourne’.
Is minic a bheirtear ‘Cluichí Oilimpeacha na camógaíochta’ ar an Chorn Ashbourne. Comórtas camógaíochta é dóibh siúd ar an tríú leibhéal. Ise an chéad turnaimint náisiúnta chamógaíochta ar éirigh léi cuimhneachán céad bliain a bhaint amach.
Cuireadh síolta an chomórtais sa bhliain 1915, le cinneadh Cait O’Donoghue fáilte a chur roimh Agnes O’Farrelly agus Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath comórtas camógaíochta ollscoile a thosacht léi agus muintir Choláiste Ollscoile Corcaigh.
Is mó an oiread measa agus onóra gur chóir bronnadh ar Chait O’Donoghue de bharr a cuid oibre agus a cuid díograise ar son na camógaíochta. Ní amháin gur chuir sí tús leis an Chorn Asbourne ach ise céad eagarthóir an Chumainn Camógaíochta in Éirinn.
Níor chuireadh tús leis an spórt ar a dtugann muid ‘camógaíocht’ air go dtí’n bhliain 1903. Chum Brainse Keating ó Chonradh na Gaeilge liosta riallacha, bunaithe ar iománaíocht ach a mbeadh níos oiriúnach ina dtuairimí féin do mhná na tíre. D’imir Cait sa chéad chluiche camógaíochta iomaíoch ar an 17 Iúil 1904 san Uaimh agus piocadh í mar chaptaen ar an fhoireann. Ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh sí curtha i gceannas ar an chumann náisiúnta.
Bhí Cait O’Donoghue i gcónaí ag iarraidh cur le fás agus forbairt na camógaíochta. Seo a spreag í chun fáil i dteagmháil le Agnes O’Farrelly.
Bean ghaisciúil ab ea í Agnes chomh maith agus í ag plé leis an chamógaíocht. Bhunaigh sí foireann camógaíochta COBÁC in 1914 in aineoinn easpa ceadúnais ón ollscoil féin. Bhí sí go hiomlán dílis don spórt agus don chúis agus d’éirigh lena foireann an chéad Chorn Ashbourne in Aibreán 1915 a bhaint in éadán muintir OCC Cait O’Donoghue.
Cara de chuid Agnes O’Farrelly a bhí in Lord Edwin Gibson Ashbourne agus b’air a d’iarr sí corn don chomórtas idir-ollscoile. ‘Corn Ashbourne’ a tugadh air ó shin.
Agus é ar an fhód le céad bliain agus bliain an-spéisialta ina leith i mbliana, b’onóir mhór é do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Corn Ashbourne a óstáil. Ritheadh i mbliana é i bPáirceanna Imeartha na hOllscoile ar dheireadh seachtaine an 14 agus 15 Feabhra.
‘Bhí an fonn ann an comórtas a óstáil i mBaile Átha Cliath don chomóradh céad bliain agus le teacht chun cinn OCBÁC le blianta beaga anuas, féachadh orainne mar an rogha ab fhearr. Freisin, leis na háiseanna iontacha nua in OCBÁC, óstaigh fhoirfe muid don imeacht iontach.’ a deir Paul O’Brien, Oifigeach Forbartha Cluichí CLG in OCBÁC.
I gcluichí leath-ceannais na bliana seo, bhí Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le himirt in éadan Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Ollscoil Luimnigh i gcoinne Coláiste na hOllscoile Corcaigh ar an Sathairn. D’éirigh le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Ollscoil Luimnigh an bua a fháil faoi seach.
An toradh air ná ceathrú chruinniú as a chéile den dá fhoireann i gcluiche ceannais an choirn. An bhliain seo chuaigh thart, d’éirigh le OL stop a chur le babhta den ádh a bhí ar ITPL agus iad ag dul ar thóir séú craobh s’acu.
Ar an drochuair do mhuintir Luimnigh, ní raibh an rath nó an cumas céanna acu i mbliana. Le cúil faighte ag ITPL sa chéad agus sa séú bhomaite, cuireadh beocht agus múinín faoi chuid imeartha ITPL.
2-8 go 0-8 a bhí mar scór leath-ama an chluiche, le ceithre chúilín ag teacht ó imreoir an chomórtais Trish Jackman agus trí chúilín eile ó bhuatais láidir Emma Commerford.
Leis an dá chúl mar an difear eatarthu, aidhm an dara leath do OL ná an liathróid a chur go cúl na heangaí. Níor ghéill cosantóirí na hInstitiúide áfach agus ceithre chúilín an fhoirinn a d’éirigh leo scóráil sa dara leath.
Le séid an réiteora ag deireadh an chluiche, bhí Corn Ashbourne na bliana seo bainte ag Ollscoil Luimnigh le scór de 2-12 in éadan 0-12 de chuid na hInstitiúide Teicneolaíochta Phort Láirge.
Céad bliain tar éis céad chomórtas an Choirn Ashbourne, thiocfadh a rá go bhfuil an chamógaíocht ag reachtáil leis fríd bhuaicphointe dá cuid ratha. Deir Paul O’Brien, ‘Tá camógaíocht ar an tríú leibhéal an-láidir faoi láthair agus léiríonn sé líon mór cailíní atá ag imirt ar leibhéal idirchontae cheana.’
Cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha féin, is taispeántas é an Corn Ashbourne den chumas agus den talún is fearr. Cha dtiocfadh samhlú nach mbeadh ach bród ar a leithéid Cait O’Donoghue agus Agnes O’Farrelly, bród as ucht teacht chun cinn na camógaíochta.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.