Oileán na flaithiúlachta

Bímse i gcónaí beagainín ciniciúil i dtaobh suirbhéanna.
‘Tuairimí muintir na hÉireann i dtaobh …’ “Ah cha dtiocfadh leo tuairimí a nochtadh d’achan uile dhuine sa tír seo, i ndáiríre. Ní fheicim fiú mo thuairim féin sa suirbhé seo!”
Ar ndóigh, ní bhaineann staitisticí leat go dtí go mbaineann siad leat.
Achan bliain, foilsítear ‘World Giving Index’ na bliana. Ag cur 135 tír san áireamh, déanann an suirbhé imscrúdú ar iompar carthanach muintir na dtíortha sin. Bunaithe ar an chéatadán de dhaoine a bheireann airgid do charthanachtaí, a dhéanann obair dheonach agus a chuidíonn le strainséir achan mí atá sé.
Tá cáil ar oileán iathghlas beag s’againne mar gheall ar fhlaithiúlacht muintir na tíre agus ní dhéanann an ‘World Giving Index’ ach an steiréitíop seo a dheimhniú. An bhliain seo chuaigh thart, d’éirigh le hÉirinn an ceathrú áit a fháil. Ciallaíonn sé sin gur muidne an ceathrú tír ba fhlaithiúlaigh ar an domhain.
Anois, ní seo suirbhé a bhí mé ag iarraidh neamhaird a dhéanamh de. Cur ceist ar éinne a bhfuil aithne dá laghad acu orm agus déarfadh siad go mbím i gcónaí ár gcosaint. Chuir sé gliondar chroí orm staitisticí a fheiceáil ag rá cé chomh flaithiúil agus atá muid mar thír. Ach sin a bhí siad, staitisticí.
Agus mar a dúirt mé, ní bhaineann staitisticí leat go dtí go mbaineann siad leat.
Cúpla seachtain ó shin, ghlac mise agus mo chara Éadaoin páirt in imeacht carthanais darb ainm ‘Lost and Astray’. ‘Séard a bhí i gceist leis ná gur chaith muidne agus naoi bhfoireann eile dhá uair go leath ar bhus, púicín orainn agus gan cliú faoin spéir againn cá háit a bhí mar cheann scríbe againn. Bheirtear síos go trá muid (an t-aon fáth go raibh a fhios againn ná gur mhothaigh muid an diabhal gainimh sin faoinár mbróga) agus faoi dheireadh ligtear dúinn ár bpúicíní a bhaint agus imeacht linn. An sprioc romhainn ná Baile Átha Cliath a bhaint amach gan airgead, fón nó idirlíon. Bhí muid sáinnithe i Loch Garman.
Cinnte gur cheann de na laethanta ba hamscaí, ba chorraitheach agus ba dhúshlánaigh a bhí ann. Le hurraíocht faighte againn ar fad do Barnardos agus Blossom, carthanais de chuid 100minds na bliana seo, bhí bród ag baint leis chomh maith.
Ní thiocfadh liom samhlú áfach an oiread a chuirfeadh an imeacht ag smaoineamh mé, ag smaoineamh faoi fhlaithiúlacht muintir na hÉireann.
Tar éis dúinn éalú ón trá, thuig mé féin agus Éadaoin go raibh sé in am dúinn dul ar an ordóg. Caithfidh mé admháil go raibh mé saghas neirbhíseach faoi ach caitheas go raibh duine nó dhó ag faire aníos orainn. Stad bean, aingeal b’fhéidir, dúinn agus lig isteach sa charr muid. Mhínigh muid go raibh síob go baile Loch Garman de dhith orainn. Ní raibh sé i bhfad gur thuig sí nach raibh fiú airgead i gcomhair bia againn agus leis an mheon steiréitipiciúil sin a bhíonn ar achan sean-mháthair Éireannach, thug na bhaile muid sula dtógfadh sí isteach sa bhaile mór muid.
Shuí muid léi ina cistin ag ithe uibheacha, tósta, caifé agus cáca agus comhrá breá eadrainn. Bhí cineáltas ina croí aici agus mian iontach aici a bheith ag cuidiú le daoine. Cha raibh muid ábalta ár mbuíochas léi a leiriú ach trí ‘go raibh maith agat, go raibh míle maith agat’ a rá arís agus arís eile.
Thug sé taithí éagsúil dúinn a bheith buíoch as duine agus a fhlaithiúlacht agus gan ach focla againn chun an buíochas sin a chur in iúl. Ní raibh a dhath le bronnadh againn uirthi agus ní bheadh i choíche. Chuir sé ag machnamh go mór muid ar an oiread béime a chuirtear ar an léiriú fisiciúil lena bhfuil muid gafa leis na laethanta seo. Ní raibh againn ach focla, ach focla buíochais ó chroí a bhí iontu.
Tar éis cúpla babhta de mhí-ádh le heagraíochtaí iompar éagsúil bhí ísliú brí orm féin agus Éadaoin. Chuir muid ceist ar thiománaí Wexford Bus cibé agus bhí sé deacair againn é a chreidbheáil nuair a d’aontaigh sé muid a thabhairt go Baile Átha Cliath.
Tharla sé gur chuala roinnt daoine ar an bhus muid ag míniú scéal agus cúis s’againn agus d’éirigh linn roinnt airgid a bhailiú uathu ar son cuid eile an turais go OCBÁC.
Gan aon dabht, d’aimsigh mé finaise a leithéid den ‘World Giving Index’ an lá sin. Arís, bhéinn i mo fhimíneach gabháil go hiomlán le mo thaithí féin den dhuine nó triúr sin mar nochtadh iomlán de fhlaithiúlacht muintir na hÉireann ach ar ndóigh tá an taithí sin i bhfad níos realaíoch ná staitisticí dom féin.
Ní dhéanfaidh mise dearmad go deo ar na daoine flaithiúlacha sin a chuidigh linn ár mbealach a dhéanamh ar ais go Baile Átha Cliath. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar a bhflaithiúlacht nó ar an fhonn a bhí acu cuidiú linn. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar m’imní nach raibh bealach ar bith mo bhuíochas a léiriú ach amháin trí mo chuid focal agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lúchair a bhronn an lá orm.
Sea, tá muid anois in 2015. Sea, tá daoine ag iarraidh níos santaigh agus gan dada ar a n-intinn acu ach iad féin, ach bíodh dóchas agaibh. Tá daoine amuigh ansin agus neart daofa a chuideodh ar chibé bealach go dtiocfadh leo. Níl ort ach a bheith mar cheann acu. Cruthóidh muid Oileán na ‘bhFlaithiúlacht-aithe’ le chéile!

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.