Amanna is i seomraí tábhachtacha a thiteann rudaí tábhachtacha amach, agus is amhlaidh atá fíor don Chomhdháil Cearta Teanga Idirnáisiúnta a ostaíodh in Ostán Wynn’s Dé Máirt seo chuaigh thart. Mar a chuir an Teachta Dála Seán Kyne (Fine Gael) i gcuimhne don scaifte a bhí cruinnithe thuas staighre in Wynn’s, is ansin, ins an seomra céanna, a bunaíodh Cumann na mBan ar an 2 Aibreán 1914. B’shin tús do réabhlóid amháin, dar le Kyne, agus seans gur seo tús do réabhlóid eile.
Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an ócáid, agus an aidhm a bhí leis ná plé a dhéanamh ar chearta teanga, ní amháin mar gheall ar an Ghaeilge, ach le béim áirithe ar theangacha eile ar fud an domhain. Chuir láithreacht Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, go mór leis an ghné idirnáisiúnta agus ba mhór an oscailt súl é go raibh an oiread dul chun cinn déanta sa Chatalóin ar chearta teanga le blianta anuas.
Fiú thosaigh an t-Ombudsman a chuid cainte le cúpla focal Gaeilge. “Tá brón orm ach caithfidh mé dul ar aghaidh as Béarla mar ní féidir liom bhur dteanga álainn a labhairt,” ar seisean. Phléasc an scaifte agus iad ag bualadh bos, mar is ceart. Dar leis an Ombudsman, níl sochaí ar domhan nach bhfuil ilteangach, rud nach n-aithníonn go leor náisiún. Thug sé cúis dóchais do lucht na Gaeilge a bhí i láthair lena léiriú de caidé mar atá ag éirí leis an Chatalóin agus fiú luaigh sé go bhfaca sé féin dul chun cinn ó bhí sé in Éirinn dornán blianta ó shin.
Bhí gné eile den chomhdháil seo a chuir leis an idirnáisiúntacht; is nós é do dhaoine áirithe gníomhaithe teanga a cháineadh as bheith ag plé is ag athphlé ceist na gcearta teanga inár dteanga féin amháin, ach chuaigh Conradh na Gaeilge i ngleic le seo go haireach – cuireadh cluasáin agus seirbhís teangaireachta ar fáil daofa siúd nach raibh Gaeilge acu.
Chualathas go leor cainte ar chearta teanga dar ndóigh, agus chomh maith ar mhaolú na Gaeilge san Aontas Eorpach. Sa dara seisiúin seo sheas an Dr. Pádraig Ó Laighin, iar-Uachtarán an Chonradh Dáithí Mac Carthaigh, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, agus an Teachta Dála Lucinda Creighton (atá ag tabhairt faoi ranganna Gaeilge fá láthair). D’inis an Dr. Ó Laighin scéal faoi bhuaireamh a bhí aige agus é ag iarraidh cruinniú a fháil leis an Taoiseach maidir le cealú an mhaolaithe, cruinniú bhí á chuartú aige le bliain. Nuair a bhain sé amach é faoi dheireadh, ní raibh an Taoiseach sásta trácht ar bith a dhéanamh. Ach, is dóiche go dtáinig an ráiteas ba shuntasaí agus ba chumhachtaí ó bhéal Liadh Ní Riada, a d’fhógair go bhfuil sí chun stailc teanga a chur suas le linn Seachtain na Gaeilge agus í sa Bhruiséil; ní labhróidh sí ach Gaeilge. “Is Gael mé, cuireann sé déistín orm go bhfuil an Béarla á bhrú orm i ngach gné de mo shaol.”
Bhí an ócáid á tvuíteáil beo ag cuid den scaifte agus dá mbíodh an hash-chlib #ceartaanois i do thvuít, thiocfadh sé aníos ar theilgeoir fríd an córas giolcaireachta. Baineadh úsáid as an chóras udaí le buaicphointí a thaispeáint, ach baineadh leas as ar son grinn uaireanta fosta agus bhí greann cliste na nGael le feiceáil gan choinne. Fiú ghéill na cainteoirí don ghreann; an jóc ab fhearr ó Dháithí Mac Carthaigh, “Tá mé anseo inniu buíochas le Lemsip.”
Leave a Reply