Gnó na Síoige Fiacla

Thosaigh an tsraith smaointe seo ag an deireadh seachtaine. Bhí mé féin agus mo Mham ag cur caoi éigin ar an gcistin nuair a thit rud éigin ar an urlár. ‘Céard é sin?’ arsa Mam. ‘B’fhéidir gurb é ceann do do chuid fiacla?’ Baineadh geit asam agus muidne sna trithí gaire. Thosaigh mé ag smaoineamh faoi ‘Síog na bhFiacla’ agus an raibh mórán á dhéanamh aici na laethanta seo.

Bíonn scéalta agus traidisiúin dhifriúla bunaithe ar Shíog na bhFiacla ar fud an domhain. Dúinne anseo in Éirinn, cuirtear fiacla faoin bpiliúr mar mhalairt ar airgead agus leantar an seanchas seo ar fud domhain an Bhéarla. Dealraítear gur bunaíodh an traidisiún seo ar an ‘tand-fé’, nó táille fiacla, luaite sna scríbhinní is luaithe faoin Tuaisceart na hEorpa. Áfach, bíonn nósanna eile ar fud an domhain, agus ceann de na nósanna is suimiúla ná sa tSeapáin agus i dtíortha san Afraic, an duine ag caitheamh na fiacaile ar díon an tí más ó bhonn an bhéil agus ag caitheamh na fiacaile ó bharr an bhéil ar an talamh. Creideadh gur chur seo na fiacla ag fás níos tapúla agus sláintiúil. Faraor, is dóigh go bhfuil formhór do dhaoine níos aithnidiúla leis an mbronntanas airgid faoin bpiliúr. Ach cén costas nó luach a chuirtear ar fhiacla sa tsochaí inniu?

Ag éisteacht leis an raidio maidin amháin, chuala me aibhéil faoin méid airgid a thugtar do pháisti mantacha nach gcreidfeá. Spreag an tuairisc mé chun taighde a dhéanamh ar ábhar ‘síog na bhfiacla’ agus  d’éirigh liom an spotsholas ar an meid airgid a caitear ar fiacla gach uile bliain sna Stáit Aontaithe, a thugadh tuiscint duit ar scála éigin. Rinne Delta Dental, an scéim fiaclach is mó sna Stáit Aontaithe, a léiriú bliantúil agus nochtaíodh an t-eolas seo a leanas;

  • D’íoc “Síog na bhFiacla” $290.6 milliún ar fiacla sa bhliain 2016
  • Ar an meán, cosnaionn fiacail amhain $4.66
  • Duirt 89% de theaghlaigh go bhfágann síog na bhfiacla bronntannas airgid dos na páistí
  • Ta comhchoibhneas ann idir fás na scaireanna ‘S&P 500’ ar an stocmhargadh agus an méid a thugann Sióg na bhFiacla do pháisti sa tír

 

Ní sna Stáit Aontaithe amháin a bhfuil fás tagtha ar an méid a dháileann síog na bhfiacla, áfach. Feictear ardú sa Bhreatain chomh maith agus is léir go bhfuil fiacla ag éirí níos costasaí! Le déanaí roinn nuachtán The Mirror torthaí suirbhé cosúil leis an gceann déanta ag Delta Dental agus cinnte go raibh níos mó airgid faighte ag páistí sna ceantair is saibhre. Ar an meán, is é £2.10 an méid a fhaigheann páistí na Breataine ach faigheann duine as deichniúr £10. Fuair The Mirror an t-eolas seo as suirbhé déanta ag an gcomhlacht fiaclóireachta Carisbrook Dental i Manchain, iarthuaisceart na Breataine. Chomh maith le seo, rinne siad suirbhé ar 1,000 tuismitheoirí ag freastal ar a gclinicí agus nochtaíodh seo leanas;

  • Faigheann 12% dos na páistí £5 ar son a gcuid fiacla agus faigheann 9%, £10
  • Feictear na híocaíochtaí is airde i Londain agus san oirdheisceart. Tugtar go fial, flaithiúil agus de ghnáth bíonn £50 le fáil faoin bpiliúr tar éis oíche chodlata agus gan an fhiacail a bhí ann le feiceáil níos mó.
  • Na páistí a fhaigheann an méid airgid is ísle ná muintir na gceantar ina bhfuil méid mór den aicme ar a dtugtar an lucht oibre, cosúil le Newcastle. De réir an taighde, ní fhaigheann na páistí ann ach £1 do gach fiacail, i gcomparáid leis na ceantair eile.

Le sin, is léir go bhfuil tionscal na Sióige Fiacla ag forbairt agus ag méadú agus is cosúil nach bhfuil sé/sí ag sracadh leis an gcúlú eacnamaíochta a thuilleadh! Ach roghnaigh mé an focal ‘tionscal’ go feasach.

Rud suimiúil eile ná go raibh lá tiomnaithe do Shíog na bhFiacla. Bíonn ‘National Tooth Fairy Day’ ceiliúrtha ar an dara lá is fichid de mhí Lúnasa agus i bhFeabhra ar an ochtú lá is fichid. Ina theannta bunaíodh na mílte comhlachtaí – doras na síog ina measc. Bhí dóchas ann don leagan in Éirinn agus is dóigh go raibh toisc ráth an chomhlachta ‘The Irish Fairy Door Company’ agus tnúthán ioncam an-ard acu sa bhliain 2014, é ráite gur thuill siad gar le €2.6 milliún le 2016.

Cinnte go bhfuil tionscal cruthaithe anois as an ‘sísheanchas’ ag breathnú ar an méid tuillte ag cuid comhlachtaí agus ar thaobh na teicneolaíochta feictear go bhfuil aip áirithe ann ar fáil bunaithe ar Shíog na bhFiacla! Tá sé dírithe ar thuismitheoirí agus é nasctha le Visa agus an suíomh idirlín practicalmoneyskills.com. Ach cad é sprioc na haipe? Scríofa ar a leathanach Facebook tá sé molta acu dos na húsáideoirí an méid a thugann siad d’fhiacla a thabhairt don aip chun go mbeadh an ráta reatha ar fáil do thuismitheoirí eile.

D’fhill mé ar an gcistin Dé Domhnaigh, ag breathnú ar mo chuid fiacla ar an urlár, nó b’fhéidir gur le mo dheartháir iad, mo mháthair mí-chinnte. Chuimhnigh mé ar na litreacha chugam ó Shíog na bhFiacla, an dúch ón bpeann glóthaí bándearg, an bonn aonarach corntha i gciarsúr. Draíocht an óige ag dul i ngleic orm arís.

Méabh Riordan

Íomhá: Kiplinger.com