Tá méadú sna huimhreacha TG4 don tríú bhlian as a chéile.

Jack Watchorn

Bhreathnaigh 3.64 milliún daoine ar TG4 i rith 2022, dar le figiúirí nua ón stáisiún teilifíse.

Tá méadú tagtha ar líon lucht féachana TG4 arís don bhliain seo caite, i gcomhréir le treochtaí na blianta is deireanaí. D’fhéach 82% den daonra ar an stáisiún teilifíse le linn 2022, ardú ó 81% i 2021. Bhí meán sciar den lucht féahchana de 1.96% i 2022, ardú ar 1.89% i 2021. Is é seo an meán sciar is mó i rith na mblianta ó 2011 ar aghaidh. Bhí sciar de 2.15% sa phríomham féachana i 2022, thuas ó 2.05% i 2021. Le meán sciar de 2.22%, bhí Mí na Nollag mar an mhí is rathúla don stáisiún. Bhí Lá Fhéile Stiofáin mar an lá is mó féachana, bhreathnaigh that ar 858,000 duine ar TG4 an lá sin.

Is fíor le rá go raibh spóirt bheo mar chúis mhór don rath TG4 an bhlian seo chaite. Bhreathnaigh thart ar 468,000 duine ar an gcluiche cheannais sa tsraith Allianz idir Contae Chiarraí agus Contae Mhaigh Eo. Thaispeáin an chlár ‘GAA Beo’ an chluiche sin agus ba eisean an chlár is mó féachana sa bhlian 2022 ar TG4. Bhí an sciar laethúla is mó le 9.6% ar an 31ú Iúil, an lá céanna isa d’imir Contae Chiarraí in aidhaigh Contae na Mí sa chluiche cheannais i bPeil na mBan.

Seachas sport, bhí rath mhór ag cláir ar nós ‘Opry le Daniel – Ómós Joe Dolan’, nuair a thug Daniel O’Donnell ómós chuig Joe Dolan. Bhí rath ar an gclár fáisnéise ‘Dessie: Glór na Bó Finne’ chomh maith. Bhreathnaigh 224,000 daoine ar Fleadh Cheoil 2022, an chéad Fleadh Cheoil i dtrí mbliana. Bhí figúirí ard ag an gclár taistil nua ag Hector, ‘Hector – Balkans to Baltics’ freisin.

Maidir le TG4 Player, bhí cláir ón tsraith siamsaíochta ‘Contractors’ agus ón tsraith ‘Laochra Gael’ mar na cláir is mó féachana sa bhliain 2022. Tháinig ardú 11% ar líon na ndaoine a d’fhéach ar chláir ar TG4 Player an bhliain seo caite.

Ar an iomlán, bhí 2022 mar bhlian iontach do TG4 arís, is cinnte go bhfuil meangadh mór ar aghaidh Alan Esslemont, an t-ardstiúirthóir, agus ar na daoine a chabhraíonn an seirbhís a chur ar fáil don phobal.

Jack Watchorn