7 bhfíric nach raibh ar eolas agat faoin nGaeilge

7 bhfíric nach raibh ar eolas agat faoin nGaeilge

1. Bhí teangacha eile ann roimh an Ghaeilge in Éirinn. Ní raibh an Ghaeilge mar an chéad teanga riamh in Éirinn. Bhí teangacha éagsúla ann roimhe, ach is í an Ghaeilge an chéad cheann a bhí á labhairt ag daoine timpeall na tíre ón mbliain 500 AD ar aghaidh.

2. Tá cuid mhór cainte ann faoi chrá na mbriathra neamhrialta sa Ghaeilge. Is féidir le beagnach gach duine a rinne staidéar ar an nGaeilge mar ábhar scoile na briathra neamhrialta go léir a chanadh de ghlan mheabhair. Níl ach 11 dóibh ann. I gcás an Bhéarla, tá níos mó ná 80 briathar neamhrialta ann (agus níl sé sin ach ag cuntas na briathra a úsáidimid gach lá). Mar sin, níl aon leithscéal againn!

3. Tá sé níos éasca d’ainm a aistriú go Gaeilge lasmuigh den tír nó taobh istigh san tír. De réir an dlí lasmuigh den tír, is féidir d’ainm a aistriú go dtí do theanga dúchais gan aon fhadhb. Ach, in Éirinn, is gá dul chuig na cúirte, agus troid a dhéanamh chun d’ainm a aistriú go hoifigiúil.

4. Is féidir le 41% de dhaonra na hÉireann an teanga a labhairt. De réir na staitisticí i nDaonáireamh 2011, is féidir le 1.7 milliún duine an Ghaeilge a labhairt sa Phoblacht. Sa Tuaisceart, is féidir le 75,125 duine an Ghaeilge a labhairt. Cé nach bhfuil in seo ach 4% den daonra, tá fás mór tagtha air le roinnt blianta anuas.

5. Tá ollscoileanna ann sna Stáit Aontaithe agus san Astráil ag múineadh na Gaeilge. Is féidir staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge sna háiteanna sin agus ar fud na hEorpa.Cúis mhór leis ná an eisimirce. Tá go leor daoine óga tar éis imeacht leo agus nuair a chuireann siad tús lena gclann féin, tá siad ag iarradh go mbeidh Gaeilge á fhoghlaim acu.

6. In aineoinn go bhfuil an líon cainteoirí Gaeilge ó dhúchas is mó ina gcónaí i gCúige Chonnacht, níl ach 19 Gaelscoil ann. Agus ar an dtaobh eile, is é Cúige Laighean an cúige leis an líon is lú cainteoirí ó dhúchas, tá 67 Gaelscoil ann. De réir na staitisticí, tá níos mó daoine i gCúige Laighean atá in ann an Ghaeilge a labhairt.

7. Níl aon ‘Yes’ nó ‘No’ sa Ghaeilge. Caithfidh tú an briathar a úsáid chun an freagra a thabhairt. Ceapann daoine gur ‘Yes’ é ‘Sea’, ach tá an focal ‘Sea’ déanta suas den dá focal ‘Is ea’.

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.