Todhchaí mhórthaibhseach á chruthú le Student Slingshot

Chruinnigh 150 mac léinn na tíre seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an 18 Samhain. ‘Student Slingshot’ a bhí mar ainm ar an ócaid agus an aidhm aige staid a thabhairt do na mic léinn buaileadh le heiseamláirí de chuid mórán gairm éagsúla. Bhí aíonna speisialta ag caint faoi a rogha ábhair agus b’iomaí an oiread teagmhalaithe in aon seomra amháin. Bhí gach rud a chlúdach acu, le plé ar a leithéid de spás, dlí agus dearadh.
Chuir idir Katie Mannion agus an tAire Gerald Nash tús leis an oíche. Mac léinn de chuid OCBÁC í Katie Mannion le teideal oifigiúil mar ‘Cheannasaí Caidreamh Mac Léinn’. Ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta a thagann an tAire Nash, aoí oiriúnach don oíche i gceist.
Cuireadh an chéad chomhrá ar siúl ina dhiaidh, leis an grúpa scartha ina trí bhraisle, ag plé topaic an cheann. Margaíocht Digiteach, Fiontraíocht agus Infheistiú Maoinithe ábhair phléite an 20 noiméad sin. D’fhreastal mé féin ar chomhrá faoin Mhargaíocht Digiteach. Jane McDaid ó Thinkhouse, Niall McGarry ó Maximum Media, Kieran Flanagan ó Hub Spot, David Walker ó Subrosa agus Aileen Power ó Wolfgang Digital a shuí linn.
Chuir siad ar fad béim ollmhór ar an tábhacht atá ann go dtuigfeá an sochaí atá amuigh ansin, go háirithe i measc daoine óga. Mar a mhínigh Niall McGarry, is orainne atá na brandaí móra dírithe agus mar sin cé a thuigfeadh níos fearr muid ach muid féin? Phlé an braisle an dul chun cinn mórthaibhseach sa Mhargaíocht Digiteach agus mhol siad a bheith ag coinne leis an fhorbairt ar fad.
B’fhéidir gur an t-ábhar a chuir mé féin an méid is mó suime ann ná láithreas an lanúin a bhunaigh ‘Boojum’. Tá aithne ag gach mac máthair ar an bhialann iontach sin faoin am seo agus labhair John agus Karen Blissard maidir le fás orgánach gnó s’acu. Bhí an bheirt acu páirteach sa phainéal a phléigh comhairle a mbeadh acu do ‘Generation Y’.
B’fhéidir nach rud a smaoineodh láithreach faoi ach tar éis dom freastal ar an chomhrá maidir leis an chuidiú go féidir le dearadh tabhairt d’oideachas an chéad ghliúin eile, fuair mé léargas ar an dearcadh sin. Bhí sé an-suimiúil éisteacht lena leithéid den dearthóir Fabian Strunden atá ag iarraidh dreoilíní teaspaigh a thabhairt do pháistí chun aird s’acu a dhíriú ar chothú sláintiúil. Sin a bhí mar aidhm leis an ocáid ag deireadh an lae; tú a chur ag machnamh.
Chuaigh Jane Babb, dlíodóir de chuid Arthur Coxx go mór i bhfeidhm orm, mar aoí de chuid an comhrá ar Dhlí agus mar chainteoir deiridh na hoíche. An comhairle a bhí aici don slua ná tús a chur le rud inteacht agus é sin a dhéanamh go han-mhaith. Chuirfeadh sí fonn ar an duine ba éighníomhach iarracht a dhéanamh sa saol mór.
Oíche lán comhluadar, teagmhálaithe agus spreagadh a bhí ann agus cinnte gur todhchaí mhórthaibhseach atá á chruthú againn lena leithéid d’ocáidí agus ‘Student Slingshot’.

Caoimhe Ní Chathail

Credit: Catherine Batstone

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.