Tuairisc.ie – foinse dóchais

Is cuimhneach go maith le hachan iriseoir Gaelach an lá a fhógraíodh go gcuirfí deireadh le maoiniú do chuid mhaith foilsiúcháin Ghaelacha, ar líne, agus i gcló, Gaelport agus An tUltach san áireamh. Lá dorcha a bhí ann, ní amháin d’iriseoirí Gaelacha, ach do lucht leitheoireachta na Gaeilge, agus do dhuine ar bith a thug tacaíocht don teanga agus a sheas ar a son i riamh. Ba chosúil nach mbeadh iris nó foilsiúchán ar bith fágtha ar an tsaol, agus nach tabharfaí ardán do scríbhneoirí le Gaeilge níos mó – dá leanfadh cúrsaí mar sin.

Tháinig an droch-scéal seo i ndiaidh don Ghaeilge a bheith go mór i mbéal an phobail ar feadh tamall maith; shiúl na mílte daoine ar son na teanga ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste ar Lá Mór na Gaeilge agus ar an Lá Dearg. Bhí sí ag baint sult ‘s leas as an tacaíocht agus an phoiblíocht seo nuair a chualathas go gcuirfí deireadh leis an mhaoiniú úd. Níor chuir sé go mór mór isteach ar an phoiblíocht nó an rath seo ach is cinnte nár dheas an scéal é.

Ach mar a deirtear, an áit a mbíonn an dólás, bíonn an sólás ina aice. Agus is amhlaidh a bhí fíor. Le deireadh an mhaoiniú sin fógraíodh go mbeadh conradh ar fáil chun nuachtán Gaeilge ar líne a fhoilsiú le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge. Ba é Seán-Tadhg Ó Gairbhí, iar-eagarthóir Foinse, a bhuaigh, agus Tuairisc.ie ab ainm don tógra úr. Seoladh Tuairisc.ie an Déardaoin seo chuaigh thart, an 9 Deireadh Fómhair, i dTeach an Ard Mhéara san ard-chathair. Cathal Goan, iarcheannasaí RTÉ a sheol an suíomh úr.

Tá cuma galánta dóighiúil ar Tuairisc.ie, agus tréan scéalta air ó sheoladh é an tseachtain seo chuaigh thart. I measc na rannóga atá air, tá Nuacht, Tuairimíocht, Spórt, Cultúr, ‘s ar aile. Ach an ceann is fearr dúinne sa College View ná Greann. Tá cúpla físeán le feiceáil air, ceann amháin sár-ghreannmhar de José Mourinho ag canadh amhráin shean-nós. Tuairimíocht den scoth atá i gceist fosta (ní hé greann an t-aon rud a léann muid, gealann muid). Rud spéisiúil faoi Tuairisc.ie ná go gcuireann sé liosta ócáidí Ghaeilge na tíre ar fáil achan seachtain, agus fiú ócáidí de chuid na gCumann Gaelach sa tír fosta. Mar sin, bígí ag súil le scaifte mhór ó achan chearn den tír a fheiceáil ag an chéad Céilí Mór eile de chuid an Chumainn Ghaelaigh!

Guíonn muid achan rath do Tuairisc.ie, agus go háirithe do Mhaitiú Ó Coimín, iar-mhac léinn Fiontar DCU.

Barra Ó Scannláin

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.