Ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh

Níl rialtas i Stormont ar feadh 13 mí anois. Tá ceist an Achta Gaeilge i measc na gconstaicí is mó le sárú sna cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont. Dar le ceannaire Sinn Féin, Mary Lou McDonald, níl ‘riail dhíreach’ ó Westminster mar rogha ann agus go bhfuil siad ag iarradh ar Arlene Foster agus an DUP filleadh ar ais ar chainteanna go luath.

Nuair a thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May agus an Taoiseach Leo Varadkar cuairt ar Bhéal Feirste le déanaí ceapadh go raibh cinneadh déanta ann ach teipeadh ar na cainteanna arís.

Tá Acht teanga ó Sinn Féin mar reachtaíocht aonair. Dar le Comhaontú Cill Rimhinn a shínigh na páirtithe polaitíochta ó thuaidh i 2006, bheadh Acht Gaeilge curtha i bhfeidhm chun cosaint cearta na nGael sa Tuaisceart. 12 bliain níos déanaí níl acht ann fós agus níl rialtas ann ar feadh os cionn bliana anois.

Sa ráiteas is láidre le tamall anois dúirt Foster nach mbeidh aon glacadh ag a páirtí le hacht don Ghaeilge amháin, le comharthaí dátheangacha, le múineadh éigeantach na Gaeilge ná le cuótaí Gaeilgeoirí sa státseirbhísí.

Ach dar le Mary Lou McDonald;

“There was never any question of making Irish compulsory or of offending anybody else’s sense of identity, or place or belonging.”

Tá daoine ann áfach cosúil le Baroness Paisley, bean chéile Ian Paisley, atá ag cáineadh an easpa rialtais i Stormont ach nach gceapann go bhfuil gá le Acht don Ghaeilge amháin. Tá sé ráite aici nach bhfuil bac don Ghaeilge faoi láthair le cursaí mar atá ó thuaidh.

Ar an taobh eile áfach tá neart brúghrúpaí ann atá ag cur brú ar na ceannairí acht a thabhairt isteach. Is iad an dream dearg agus POBAL. Is í Janet Miller, Stiúrthóir an bhrúghrúpa POBAL agus tá sí den tuairim go gcaithfidh seasamh go docht daingean leis an Acht Gaeilge agus cearta do phobal na Gaeilge.

Tá BEO Gaelach agus Bródúil eagraithe ag Conradh na Gaeilge ar shráideanna Bhaile Átha Cliath chun an teanga a cheiliúradh. Ach freisin is í aidhm an ocáid ná chun aird a tharraingt ar na fadhbanna atá fós á bhfulaingt ó thuaidh agus sna Gaeltachtaí faoi láthair. Beidh an Dream Dearg agus muintir ó thuaidh ann chun a dtuairimí a chur chun cinn.

Is cosúil faoi láthair nach mbeidh réiteach go luath ar cheist an Achta ó thuaidh agus na cainteanna tar éis titim as a chéile arís.

Ali Spillane