Nuachtán “Goitse” le teacht ar ais

I mí Aibreán 2010 cuireadh tús le nuachtán beag i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Thír Chonaill. Goitse an t-ainm a bhí air. Bunaíodh Goitse ar scéalta nuachta, spórt, filíocht, gearrscéalta agus araile, a bhain leis an cheantar sin – “na trí paróistí” i nGaoth Dobhair. Nuachtán saor in aisce a bhí ann, agus coinníodh ag dul é a buí le fógraíocht.

Cé go bhfuair an nuachtán ardmholadh agus sár-thacaíocht go deo ó phobal Gaeltacht Dhún na nGall agus ó phobal na nGaeltachtaí uilig, bhí ar an fhoireann eagarthóireachta deireadh a chur le foilsitheoireacht de bharr easpa airgid. Ó bhunaíodh é, ní bhfuair an nuachtán maoiniú ar bith ón rialtas, agus rinneadh an obair uilig ar bhonn deonach.

Ach anois, tar éis feachtais tiomaithe airgid, tá Goitse ag teacht ar ais i mbun oibre. D’éirigh leis an pháipéar a sprioc de €5000 a bhaint amach a ligfidh dóibh trí eagrán a fhoilsiú. Labhair an College View le Danny Brown, eagarthóir Goitse. “De thairbhe gur éirigh linn an maoiniú a fháil, tá muid anois ar tí san chéad eagrán eile a chur amach,” arsa Danny. “Cé go bhfuil dualgas orainn trí eagrán a chur amach, bhí rún riamh againn an páipéar a choinneáil ag gabháil chomh fada agus is féidir. Tá sin deacair gan maoiniú stáit ach déantar an obair uilig go deonach agus tá foireann mhaith thart orainn an t-am uilig,” ar seisean.

Tagann sé seo le linn tréimhse thábhachtach don Ghaeilge; níl nuachtán lán-Ghaeilge ar bith ar fáil , tá an coimisinéir teanga Sean Ó Cuirreáin chun éirí as a phost, agus tá an Ghaeilge faoi ionsaí ag daoine áirithe sa phobal. Mar sin de, is cúis dhóchais é go bhfuil iarracht á déanamh ar son na Gaeilge agus seans á thabhairt do mhuintir Ghaeltachta a nguth a bheith cloiste.

D’ainneoin ratha Goitse nuair a cuireadh tús leis sa bhliain 2010, níor tosaíodh foilsiúchán den chineál seo i nGaeltachtaí eile na tíre. “Nuair a thoisigh muid ar an pháipéar in Aibreán 2010, bhí súil againn go mbeadh daoine i gceantracha eile Gaeltachta spreagtha leis an rud céanna a dhéanamh. Níor tharla sin, ar an drochuair.”

Tá Danny dóchasach, áfach, go gcuirfear níos mó suime i rud éigean mar seo a dhéanamh in áiteanna eile. Dar leis, tá cúpla duine as Conamara tar éis labhairt leo agus tá súil aige “go mbeidh siadsan ag smaoineamh ar nuachtán dá gcuid féin a fhoilsiú amach anseo.”
Tá an chéad eagrán (eile) de Goitse ar fáil ón 20ú Nollaig sna siopaí, bialanna, agus ionaid phobail sna trí paróistí i nGaeltacht Thír Chonaill agus tamall ina dhiaidh sin beidh sé ar fáil ar an tsuíomh idirlín úr – www.goitse.org. Cuirfear Goitse amach go míosúil, i mí Nollaig, mí Eanáir agus mí Feabhra, agus seans maith go mbéas níos mó ná trí eagrán de ar na seilfeanna de bharr gur éirigh go geall leis an chéad iarraidh.

Nóta: is focal gnáthchainte Dhún na nGall é “goitse” a chiallaíonn “come here”.

Barra Ó Scannláin

Image credit: Flickr via wikimedia commons

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.