Feachtas ar son an meabhairshláinte-seoladh an t-albam “Simple Things” ar 2FM

Feachtas ar son an meabhairshláinte-seoladh an t-albam “Simple Things” ar 2FM.

D’eisigh Colm Hayes an t-albam ‘Simple Things’ ar a seó raidió ar 2FM ar an cheathrú lá dhéag de mhí na Samhna. Faoi stiúir an carthanas ‘Cycle Against Suicide’ agus Bressie a bhí sé agus ócáid iontach a bhí ann chun an tionscnamh a cheiliúradh.

Bhí Cycle Against Suicide go mór i mbéal an phobail le bliain anuas. Bunaithe ag Jim Breen, an ráiteas atá acu nó ‘Tá sé ceart go leor gan a bheith ag braith ceart go leor.’ Tá paisean agus dílseacht Jim soiléir. I gcomhluadar le daoine eile, rinne sé an cinneadh iarracht a dhéanamh na céadta féinmharaithe a tharlaíonn gach bliain in Éirinn a throid. Ag rothaíocht timpeall na tíre leis na mílte daoine eile, cruthaítear an-suim san ábhar agus is cinnte go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag Cycle Against Suicide.

Mhínigh Bressie gur inspioráid mhór don albam é amhrán Heathers d’arbh ainm ‘Forget Me Knots’. Amhrán é leo a eisítear sa bhliain 2012 leis na focail ‘It’s alright not to feel ok’ mar phríomh-théama aige. Ón bhunús inspioráideach sin, chum ceoltóirí eile Éireannacha amhráin don albam. Ina measc tá Orla Gartland, Ryan O’Shaughnessey agus James Walsh. Amhráin iad atá cumtha acu uilig le teachtaireacht agus téama ábhartha don throid i gcoinne stiogma an mheabhairshláinte.

Tá tallann ó achan cearn den tír cheolmhar seo le fáil ar an albam. Ní amháin go bhfuil amhráin leo féin ag a leithéid de Gavin James agus The Original Rude Boys air, ach tá comhar-amhrán air fosta. ‘Simple Things’ is ainm do agus is amhrán mórthaibhseach é, lán le talún den scoth. Chomh maith le rannpháirtithe aonaracha, tá Cór Soiscéalach Bhaile Átha Cliath air. An toradh air nó gur amhrán an-mhothúchánach é.

Ócáid iontach a bhí i lainseáil an albam ar 2FM. Ball iomráiteach de lucht tacaíochta Cycle Against Suicide é Colm Hayes. Tar éis na hoibre dhíograiseach ar fad déanta ag Bressie agus rannpháirtithe ar fad an albam, ba mhó an fhoinse bróid é dóibh cuid de na hamhráin a chanadh beo os cóir lucht féachána agus lucht éisteachta an seó.
Chomh maith le taibhithe ó Paul Walsh, Ryan O’Shaughnessy agus Pat Byrne, labhair Colm Hayes le roinnt daoine suimiúla. Bhí Brent Pope ag caint leis mar gheall ar a thaithí féin de mheabhairshláinte agus d’impigh sé ar chuile dhuine tacaíocht a thabhairt don charthanas. Bhí sé soiléir óna chuid cáinte, go raibh Bressie féin an-tógtha leis an tionscnamh. Thug sé ardmholadh d’achan duine ar an albam as ucht a ndian-oibre agus dílseacht. ‘Thug ocras s’acu díograis dom’ a dúirt sé.

Labhair Jim Breen mar gheall ar fhilleadh Cycle Against Suicide an bhliain seo chugainn. Dar leis, beidh sé níos mó agus níos fearr, le béim curtha ar mhic léinn agus pobail ar fud na tíre a bheith páirteach ann. Beidh sé ar siúl idir an 28 Aibreán agus an 11 Bealtaine, ag clúdach beagnach 1400 ciliméadair. Tá cuid mhór obair i gceist lena leithéid agus má tá aon suim agat a bheith páirteach san ullmhúchán nó sa rothaíocht féin, is féidir ríomhphoist a sheoladh chuig volunteers@cycleagainstsuicide.com. Fosta, tá an t-albam ‘Simple Things’ ar fáil anois; fuaimrian don throid i gcoinne féinmharú.

Caoimhe Ní Chathail

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.