Aip nua ar fáil as Gaeilge ag dul ó neart go neart

Bliain na Gaeilge 2013. Éileamh ag méadú gach lá ar an teicneolaíocht. Fás ag teacht i gcónaí ar fhóin phóca agus tháibléid. Is fada an lá anois ón uair a bhí “mo dhenims dubha agus m’umbro top” mar an t-aon idirghníomhaíocht digiteach a bhí againn, tá ré na n-aipeanna Gaeilge tagtha orainn.

Le cúpla mí anuas, tá cinnteacht an ré seo tar éis teacht chun cinn go mór. Ó foilsíodh an iPhone agus an córas Android idir 2007 agus 2008, tá aipeanna tar éis a theacht chun cinn mar chuid lárnach dá bhforbairt. Is deis agus áis nua iad chun idirghníomhaigh ar an idirlíon agus ar d’fhón féin le rudaí ar nós cluichí agus rochtain ar eolas.

Gan amhras, tá ré nua tar éis teacht ar an nGaeilge chomh maith, ach go háirithe le seoladh Bhliain na Gaeilge 2013 le déanaí. Le bliain nó dhó anuas, tá aipeanna Gaeilge feicthe againn, iad ar nós ‘Cúla 4’, ‘Bábóg Baby’ agus ‘Get the Focal’. Ach, le dhá mhí anuas, tá cúpla duine tar éis domhan na n-aipeanna Gaeilge a athrú cuid ollmhór.

Tá ‘Kú: Shroud of the Morrigan’ tar éis ionsaí a dhéanamh ar na siopaí aipeanna, mar uimhir a haon sna cairteacha aipeanna don iPad a n-íoctar astu, agus ag fás go mór ó thaobh díolacháin sna cairteacha idirnáisiúnta chomh maith, sa Chairt Top 100 sna Stáit Aontaithe ag deireadh Mhí Eanáir.

Cruthaithe ag Bitsmith Games, comhlacht de chuid Eoin Harris, Basil Lim agus Ralph Crolly as Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, rinneadh ‘Kú: Shroud of the Morrigan’ mar thionscadal deireanach acu den chúrsa MSc sna Meáin Dhigiteacha Chruthaitheacha & Ríomhchluichíochta.

Leanfaidh tú saol Kú Óg san aip trí scéal nasctha idir Éirinn ársa agus an ghéarchéim eacnamaíochta atá againn in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá béim curtha ag Bitsmith Games ar thábhacht na haipe a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, mar chuid den smaoineamh an Ghaeilge a choinneáil suas chun dáta agus áis d’fhoghlaim an teanga ina theannta sin.

Roimh an Nollaig foilsíodh aip eile, TG Lurgan, iomlán soar in aisce ar na siopaí aipeanna, mar chuid de leanúint na haipe meáin shóisialach ‘Abair Leat’ an bhliain seo caite. D’fhoilsigh Coláiste Lurgan, in Indreabhán i gConamara, an aip seo agus é bunaithe go hiomlán ar fhíseán ceoil Ghaeilge. Is bealach áisiúil é an Ghaeilge a fhoghlaim trí cheol Gaeilge, ach go háirithe trí ceol nua-aimseartha.

Go dtí seo tá os cionn 60 míle amas ar na hamhráin acusan tríd an aip, idir leaganacha Gaeilge de leithéid “Fairytale of New York” go “Some Nights”, seinnte ar an raidió thar Éirinn ag a leithéid de TodayFM.

 Pádraig Ó Cairbre

Gluais:

Éileamh- demand

Idirghníomhaíocht- interaction

Ríomhchluichíocht- computer gaming

Amas- website hit

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.