Mic Léinn Fós Ina gCónaí in Oifigí Fhine Gael

Fiach Mac Domhnaill

Tá ochtar mac léinn ó Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, tar éis seilbh a ghabháil ar oifig toghcheantair an TD Anthony Lawlor i Nás na Rí, contae Chill Dara. Tá sé mar aidhm ag na mic léinn agóid a dhéanamh i gcoinne méadú ar tháillí ollscoile agus giorrúcháin deontais. Iarradh orthu an oifig a fhágáil ach go dtí seo tá said fós ann. Tá na mic léinn san oifig ón Aoine, coicíse ó shin, agus dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, Rob Munnelly, go bhfuil na mic léinn ann ar feadh seala fada agus seans go mbeidh siad fós ann faoi am na Nollaig, más gá.

Dúirt an tUasal Munnelly go bhfuil adhmad, tairní, leithreas, go leor bia do chúpla seachtain, athrú stocaí, athrú éadaí agus fiú simléar ag na mic léinn. Dúirt sé chomh maith go bhfágfaidís más rud é gur vótáil an TD Lawlor i gcoinne buiséid atá chun táillí ollscoile a ordú nó deontais thríú leibhéil a ghiorrú. D’fhágfaidís más rud é go ndéanadh na nGardaí Síochána iad a dhíbirt le fórsa ina dteannta sin.

Dúirt  an TD Lawlor nach raibh sé ag iarraidh na nGardaí a bheith bainteach leis an eachtra áfach, mar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do ghairmeacha na mac léinn, ach dúirt sé chomh maith nach mbeadh sé ag dul i mbun idirbheartaíochta leis na mic léinn. Bhí Lawlor ag déanamh agallaimh le Kildare.Tv  tráthnóna Dé Sathairn, áit ar bhris Munnelly isteach air, ag cruthú díospóireachta eatarthu.

Bhuail Gary Redmond, Uachtarán Aontas na Mac Léinn, isteach ar na mic léinn tráthnóna Sathairn agus dúirt Munnelly go raibh an oifig an-chompordach agus go raibh siad réidh le fanacht ann thar an Nollaig dá mba rud é go raibh gá leo.

Dúirt Lawlor go raibh ionadh air go ndearna na mic léinn forghabháil ar a oifig mar gur bhuail sé le mic léinn i Maigh Nuad chun plé a dhéanamh ar a gcuid buarthaí. Chomh maith le sin, dúirt sé go raibh sé imníoch faoi shábháilteacht a fhoireann mar go raibh sé chomh héasca sin do na mic léinn teacht air agus a fháil isteach san oifig.

Ní hé seo an t-aon agóid atá déanta ag mic léinn le tamall beag anuas. Dé Máirt coicíse ó shin, d’áitigh grúpa mic léinn an Roinn Fiontar agus Fostaíochta. Bhí sé mar aidhm ag an agóid seo go soiléirigh an Tánaiste Eamonn Gilmore meoin Pháirtí an Lucht Oibre i leith táillí ollscoile. Níor lean an agóid ar aghaidh ach ar feadh cúig nóiméid déag áfach.

Ar an gCéadaoin sin, rinne grúpa mic léinn ón bhfeachtas FEE (Oideachas Saor do Chách). Shlabhraigh said féin ar bhinsí in oifig an TD Fhine Gael Brian Walsh i gcathair na Gaillimhe. Chuaigh beirt de na mic léin suas ar barr díon na hoifige. Rinneadh gabháil ar naonar den ghrúpa faoi dheireadh.

Ar an Luan, d’fhógair an rialtas go mbeidh méadú €250 ar tháillí ollscoile don bhliain seo chugainn. Beidh ar mhic léinn €2,250 a íoc anois chun clárú agus cé go bhfuil grúpaí ar leith á gcáineadh, d’fhéadfadh an méadú a bheith i bhfad níos measa do mhic léinn na tíre seo.

 

Gluais:

 

Díbir- expel

Idirbheartaíocht- negotiation

Slabhraigh- chain

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.