Beirt Chara Ar Facebook? Is gnáthdhuine fásta tú mar sin

Eoin Ó Dubhghaill

Cé mhéad cara atá agat ar Facebook? Níl ach 2.03 acu mar dhlúthchairde leat de réir staidéir nua déanta sna Stáit Aontaithe. Dar le torthaí an tsuirbhé, nach bhfuil ag an ngnáthdhuine fásta ach beirt dhlúthchara.

Tá sé seo tar éis stang a bhaint as socheolaithe ollúna mar gur thit an figiúr ón suirbhé deireanach, a dúirt go raibh triúr dhlúthchara ag an ngnáthdhuine. Beidh ionadh ar dhaoine a chaitheann a saol ar an idirlíon go háirithe, mar go mbíonn siad ag caint leis na céadta daoine ar shuíomhanna ar nós Facebook, Bebo agus a leithéid. Le suíomhanna mar seo ag dul i bhfeabhas le blianta beaga anuas, dhéanfadh sé ciall go mbeadh níos mó dlúthchairde ag an ngnáthdhuine ach ní shin í an cás.

Rinne ollamh cúnta ag Ollscoil Cornell i Meiriceá, Matthew Brashears, an scrúdú trí cheisteanna a chur ar 2,000 iarratasóir ar cé leis a phlé siad ábhair thábhachtacha, le linn sé mhí anuas. Thaispeáin na torthaí sin nach raibh ach 2.03 cara ag an ngnáthdhuine, ní na céadta is a shílfeá. Léirigh na torthaí go raibh níos lú cairde ag mná agus daoine neamhoilte i gcomparáid le fir agus le daoine a bhí níos oilte ina theannta sin.

Ní chreideann socheolaí áfach, go bhfuil sé seo ag taispeáint go bhfuil an t-idirlíon ag déanamh scriosta ar shaol shóisialach an phobail ach go bhfuil sé ag taispeáint go bhfuil daoine go ginearálta ag fáil níos cúramaí agus iad ag roghnú a gcairde. Deir taighdeoirí Ollscoil Cornell gurb é seo an chúis nach bhfuil líon na gcairde ró-ard ag an ngnáthdhuine agus nach bhfuil muid ar an mbealach chuig aonrú sóisialach iomlán.

Tá sé intuigthe cé go bhfuil thart ar 300-400 cara againn ar Facebook- níl leath acu ach mar dhaoine a bhí aithne againn orthu ón obair nó ón scoil agus nach bhfuil mar fhíorchairde againn i ndáiríre, a dúirt an t-ollamh Brashears. Tá daoine atá mar chairde leis an ngnáthdhuine ar Facebook nach bhfuil aithne ar bith acu orthu dar leis an suirbhé.

B’fhéidir nach bhfuil ár n-inchinn ag cur teorann ar an méid cairde ar féidir linn a bheith againn ag an am céanna. Tá sé scríofa ag an socheolaí Robin Dunbar ina leabhar dar theideal ‘How Many Friends Does One Person Need?’ nach féidir linn dul i ngleic ach le 150 caidreamh ag an am. Téann an tUasal Dunbar ar aghaidh le rá nach bhfuil ach 100 duine difriúla a labhraíonn muid leo sa bhliain agus cúigear in aghaidh na seachtaine, agus ní na céadta daoine atá mar chairde agat ar Facebook.

Ach tá teagmháil ar líne agus teagmháil sa “fíorshaol” difriúil, deir Braschears. “Nílimid ag fáil neamh-shóisialach” a deir sé “Is iad na daoine a phléann muid ábhair thábhachtach leo ná na daoine a thugann comhairle agus tacaíocht dúinn…is iad [dlúthchairde] na daoine a bhíonn mar na daoine a thugann tacaíocht nuair a bhíonn siad á theastáil uainn.”

Cé go bhfuil sé seo fíor, ní drochrud é go bhfuil a lán cairde agat ar Facebook. Deir Keith Hampton, ollamh ag Ollscoil Pennsylvania, go bhfuil an tacaíocht mhórálach a fhaightear ó Facebook agus a leithéid beagnach chomh láidir leis an tacaíocht mhórálach a fhaightear ó bheith pósta. Argóintí suimiúla, a chruthaíonn ceist do gach duine- cé mhéad cairde atá agatsa?

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.