An gCabhródh An Ghaeilge Le Fadhbanna Matamaitice Na Tíre?

Fiach Mac Domhnaill

 

Lainseáil an tAire Taighde agus Nuálaíochta, Seán Sherlock, tuairisc nua a dhéanann imscrúdú ar thionchar an dátheangachais ar staidéar ar an matamaitic in Éirinn. D’fhoilsigh an tIonad Barr Feabhais Náisiúnta Múinteoireachta agus Foghlamtha sa Mhatamaitic agus san Eolaíocht. (NCE-MSTL) in Ollscoil Luimnigh é. Tá an tuairisc bunaithe ar staidéar dochtúireachta an Dr Máire Ní Ríordáin, iar-Oifigeach Tionscadail Sinsearach an NCE-MSTL agus Comheagraí Oideachais i gColáiste Phádraig, Durlas.

Taispeánann an tuairisc, buntáistí le cur chuige dátheangach i leith foghlaim na matamaitice, nach raibh feicthe roimhe seo.

Thaispeáin an tuairisc go bhféadfadh méadú a theacht ar thuiscint mhatamaitice fadtéarmach dóibh siúd atá i mbun oideachais dara leibhéil trí mheáin an Bhéarla, tar éis dóibh a gcuid bunscoilíochta a dhéanamh trí mheáin na Gaeilge.

Rinne mic léinn dátheangach, dara agus tríú leibhéil, atá Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu, níos fearr ná a gcomhghleacaithe aonteangach i gcúrsaí matamaitice, fiú nuair a rinne scrúdú orthu as Béarla.

Labhair an tAire Taighde agus Nuálaíochta, Sean Sherlock TD ag lainseáil an tuairisc, go háirithe faoi bhuntáistí oideachais dhátheangach. Ba é aidhm an tuairisc ná eispéiris foghlamtha mic léinn Éireannacha dara agus tríú leibhéil, i leith na matamaitice agus iad ag foghlaim ina ndara teanga, Béarla, a imscrúdú.

Is fionnachtain mhór é dóibh siúd atá i bhfabhar na Gaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach meánscoile.  D’fhógair Fine Gael i mbliana go raibh sé ar intinn acu an Ghaeilge a athrú ó ábhar éigeantach go hábhar roghnach don ardteistiméireacht.

Tugann an tuairisc seo suntas dóibh siúd a rinne agóid i gcoinne polasaí Fhine Gael i leith na Gaeilge agus taispeánann fianaise na tuairisce seo go mbíonn buntáistí dóibh siúd a mbíonn ag foghlaim i dtimpeallacht dhátheangach, fiú agus iad ag tabhairt faoi ábhar eile ar nós na matamaitice.

Chuir eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge go mór ina choinne an Ghaeilge a bhaint mar ábhar éigeantach, mar go gceap said go dtagadh ísliú ar líon na gcainteoirí agus go mbeadh drochthionchar aige ar an dteanga. Chomh maith le sin, is iomaí duine ann a gceapann gurb iad na gaelscoileanna na bunscoileanna is fearr sa tír, le liostaí feithimh mhóra do thuismitheoirí atá ag iarraidh a gcuid páistí a chur ar scoil trí mheáin na Gaeilge.

Go traidisiúnta, is é mata ceann dár n-ábhair is measa nuair a thagann sé chuig an Ardteist. Caithfidh go gcuireadh an tuairisc seo tuismitheoirí ag smaoineamh ar a bpáistí a chur ar scoil trí mheáin na Ghaeilge as seo amach.

Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin NCE-MSTL nó cóip den tuairisc a fháil, caith súil ar www.nce-mstl.ie

 

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.