Concubhar Ó Liatháin
Tá sé cúig bliain is fiche ón uair go raibh mé féin ar an Ollscoil. Tá mé 45 bliain d’aois agus táim pósta agus páistí óga agam. Tá post agam. Tá an t-ádh liom. Faoin am atá an méid sin léite agaibh, tá seans ann go bhfuil sibh ag gáirí fúm, nó tá sibh imithe go dtí alt éigean eile. Cén rud a fhéadfadh seanleaid cosúil liomsa a scríobh chun do shuim a mhúscailt? Is cinnte gurb é sin an rud a bheinnse ag rá dá mba rud é go raibh mise i bhur n-áit.
Dá mbeinnse in bhur n-áit anois….anois sin smaoineamh. Cad a dhéanfainn?
Sa chéad dul síos, ní dhéanfainn an cúrsa a fuair mé de bharr na ‘pointí’ a shaothraigh mé san Ardteist. Rinne mé an Ardteist faoi dhó. An chéad uair d’éirigh liom timpeall 20 pointe a fháil. Tuigim – ní thuigeann sibh ’20 pointe’ mar sa lá atá inniu ann, bíonn ort 400 nó 500 nó 600 pointe a fháil chun cúrsa maith a fháil ag an tríú leibhéal. Bí ag caint ar ‘grade inflation’ – sin sár bhoilsciú pointí duit! Thug mé faoin Ardteist don dara uair mar gur theastaigh uaim dul le dlí san ollscoil. Bhraith mé go mbeinn i mo dhlíodóir maith – bhuel thaitin ‘Rumpole of The Bailey’ liom! Agus bhí mé tar éis aithne a chur ar chailín a bhí ag dul le dlí. Níor theastaigh uaim leanúint i gceird na clainne, múinteoireacht, agus níor theastaigh uaim BA a dhéanamh. Ghlac mé an rogha eile –an Ardteist a athdhéanamh.
Scrúdú é an Ardteist atá i dtiúin níos mó le haois na Banríona Victoria ná ár ré. Cén tairbhe é bheith ábalta aistí a d’fhoghlaim tú de ghlan mheabhair a chaitheamh síos ar phíosa páipéar? Ní aon tomhas é an Ardteist ar an gcineál oideachais atá riachtanach chun saol fiúntach agus taitneamhach a bheith agat. Is dócha go bhfuil a fhios agaibh an méid sin cheana féin ach b’fhéidir go bhfuil cuid agaibh, cosúil le páistí a leanann orthu ag creidiúint gur ann do Dhaidí na Nollag, den tuairim go bhfuil tábhacht éigean leis an Ardteist. Níl aon tábhacht leis an scrúdú sin.
Beidh scrúduithe i bhfad níos déine le déanamh agat i do shaol. Is é an scrúdú is déine a rinne mise bheith i mo thuismitheoir. Scrúdú leanúnach é agus ní fhaigheann tú ‘pas’ gan 100% ach is fiú an tairbhe an trioblóid.
Ba scrúdú é mo chéad post agus gach post ó shin. Tar éis dom mo chosa a thabhairt liom agus céim dlí i mo lámh agam, chaill mé aon suim sa réimse oibre sin. Tar éis seal a chaitheamh ag dul ó oifig go hoifig ag lorg oibre i mBaile Átha Cliath – agus gach duine ag fiafraí an raibh cló scríobh agam – thug mé faoin ollscoil arís ar mhaithe le cúrsa iarchéime iriseoireachta a dhéanamh. Thaitin sé liom – ach bhí mé sé mhí gan post tar éis dom an chúrsa a chríochnú. Le linn an ama sin bhí mé ag iarraidh saoririseoireacht a dhéanamh do nuachtáin éagsúla. Saol thuas seal, thíos seal a bhí ann – agus bhí mé fós sa bhaile, gan airgead, gan fiú an ‘dól’. Fear óg le céim agus iar chéim….ach gan cumas tiomána.
Fuaire mé agallamh ansin do phost iriseoireachta le nuachtán áitiúil i gCiarraí agus nuair a d’iarr siad orm an raibh mé ábalta tiomáint, d’éiligh mé ón bhfírinne. “Tá dhá cheadúnas sealadach agam,”.
Ar an mbonn sin fuair mé an post agus bhí orm foghlaim conas tiomáint agus carr a cheannach laistigh de sheachtain!
Is go neirbhíseach a scaoil m’athair liom dul ag tiomáint liom féin ar an gcéad lá ag dul ar obair. Bhí orm taisteal go dtí Baile an Bhuineánaigh ó Chill Airne. Maidin seaca a bhí ann. D’éirigh liom an Cumann Gailf a bhaint amach. Pháirceáil mé an charr cóngarach don chlaí. Bhain mé an chos den ‘clutch’ agus léim an carr chun tosaigh is bhuail sé an claí! Thwack! Mo chéad timpiste ghluaisteáin! Ní raibh aon dochar rómhór déanta ach tugadh faoi deara an damáiste a bhí déanta agus mé ag filleadh ar an oifig. As sin amach ba é an post a bhíodh ag m’eagarthóir ná a rá gur cheart dom fógra a thabhairt do na Gardaí gach aon uair a théinn chun bealaigh sa ghluaisteán le go bhféadfaí na bóithre a ghlanadh ós mo chomhair! Bhi náire orm – ach buíochas le Dia, ní raibh aon timpiste gluaisteáin agam inar gortaíodh aon duine ó shin. Agus ní bhainim mo chos den ‘clutch’ gan mo chos eile a bheith ar an gcoscán agus an gluaisteán a bheith ‘in gear’.
Is é sin bua an chine daonna, go leanaimid orainn ag foghlaim i gcónaí. Is deis foghlamtha gach botún a dhéanann tú. Is deis é chun feabhas a chuir ort féin. D’fhoghlaim mise níos mó ó na botúin a rinne mé i gcaitheamh mo shaol, ná mar a d’fhoghlaim mé riamh san Ollscoil.