An t-Ólachán i Measc na hÓige

Sa lá atá inniu ann feictear dúinn go bhfuil alcól agus oícheanta amuigh mar chroí-lár do shaol aon mhic léinn. Léimeann gach phingin a fhaigheann an t-ógánach isteach go phóca an chlub oíche nó an teach tabhairne. Úsáideann an duine óg an t-aonad alcóil a bhí ólta acu an oíche roimhe chun tomhas a dhéanamh ar ché chomh maith is a bhí an oíche amuigh acu, ar an mhéad taitneamh ar bhaineadar as an oíche. Is í seo norm iompraíochta na hóige. Ach an bhfuil rudaí ag athrú?

Tarraingíodh aird ollmhór ar an bhféile Lá Arthur i mbliana a spreag díospóireacht is scannal nuair a scríobh an ceoltóir iomráiteach Christy Moore amhrán ar a shon. Ní ceann plámásach a bhí ann, ach ceann a rinne cáineadh is caitheamh anuas ar an bhféile, amhrán a rinne ceap magadh as an gcomhlacht agus na daoine a ghlac páirt ann.
Is féile é Lá Arthur eagraithe ag Diageo – comhlacht Bhreatnach a dhíolann deochanna alcólach – a cheiliúrann an deoch mheisciúil Éireannach Guinness i rith mhí Mheán Fómhair gach bhliain. Thosaigh an féile i 2009 nuair a cheiliúradh an 250ú breithlá ag Guinness, ach de bharr rath an ócáid coimeádadh ag rith é gach bhliain mar ócáid bhliaintúil.

Ach mheall amhrán Moore dochtúirí is saineolaithe, ollaimh is tuistí, le labhairt amach i gcoinne an ‘féile’ seo, a tugann árdán dona deochanna alcólach agus dar leo, a thruailleán saol is sláinte an duine óg. An bhfuil an ceart acu? An é nach bhfuil aon rud suntasach nó draíochtúil ag baint le pionta seachas go bhfuil sé le feiceáil i lámh gach duine thart timpeall orainn?

“An fáth go bhfuil an méad sin éileamh ar an t-alcól i measc na hóige mar is druga dlíthiúil é,” a dúirt mac léinn amháin. “Tugann an druga seo féin-mhuinín do dhaoine agus iad ag dul amach. Is rud an-phearsanta í an féin-mhuinín agus níl rud eile ar dhomhan a tugann an mhothúchán sin do dhaoine ar an toirt, chomh héasca agus chomh tapúil céanna. ” Ar an dtaobh eile de, bíonn gach duine ag ól, idir óg agus aosta, mac léinn is léachtóirí, dochtúirí is ceannairí an domhan. Má tá an druga seo dlíthiúil, nach bhfuil sí sábhálta? “Ní bhíonn suim ag gach duine sa sacar,” a dúirt mac léinn eile, “Ach tá suim uilíoch ag gach duine san ól san suíomh shóisialta sna clubanna oíche, san tacsaí abhaile. Tá spraoi fiú ag roinnt ceann tinn le do chairde an lá dar gcion agus léachtaí le freastail orthu!
Ní bheadh sé dlíthiúil mona raibh sé sábhálta.”

Tá figiúirí ann a deir a mhalairt, áfach. D’eisigh síciatracht d’ógánaigh ráiteas a deireann nuair a laghdaítear an bhunaois d’ólachán go dtagann laghdú 7% ar an méad daoine óga a chuireann lámh ina mbás féin. Deir an Dochtúir Bobby Smyth, síceolaí linbh, go ndéanann Diageo alcól, ócáidí agus fógraíocht a dhíriú ar dhaoine idir 15 agus 25 bhliain d’aois. “Níl aon ghá iachall níos mó a chuir ar dhaoine níos mó a ól,” a dúirt Smyth.

Gráinne Ní Aodha

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.